Teileachumarsáid sho-ghluaiste

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Córas a chuireann ar fáil bealach éasca caothúil le cumarsáid a dhéanamh do dhaoine ar mian leo a bheith i dteagmháil is iad ag taisteal.

An chéad chóras mar seo ab ea an raidió longiompartha, agus thar am forbraíodh é sin go mór, i gcomhair feidhmeanna míleata go háirithe.

I láthair na huaire cuimsíonn an téarma seo raidió CB (banda na saoránach), glaoireacht raidió, agus teileafóin gluaisteáin is iniompartha a bhíonn bunaithe ar raidió ceallach.

I raidió ceallach bíonn tarchuradóirí raidió, gach ceann ag clúdach fairsinge bheag tíre (cill), ag tarchur is ag glacadh glaonna a bhaineann leis an gcóras teileachumarsáide.

B'fhorbairt mhór sna 1990idí dírdhiailiú glaonna le sás láimhe ar leith.

Faoi seo tá na sásanna láimhe forbartha chun feidhmiú mar chomhéadan le ríomhairí sa bhaile is in áiteanna eile le fuaim is ceol a ghlacadh, agus ríomhphoist, pictiúir, físeanna is scannáin a tharchur is a ghlacadh.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Teileachumarsáid sho-ghluaiste". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 650.