Jump to content

Teangacha ǃKung

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de llenguaTeangacha ǃKung
Cineálcontanam canúintí, teanga nádúrtha agus teanga bheo
Úsáid
Cainteoirí dúchais16,000
Dúchasach doPobal ǃKung
Stáitan Namaib, Angóla, an Bhotsuáin agus an Afraic Theas
Aicmiú teangeolaíoch
teanga dhaonna
teangacha Cadhsanacha
teangacha Kx'a
Cóid
Glottologjuku1256
Endangered languages3645

Is contanam canúintí (coimpléasc teangacha) ina bhfuil dhá nó trí theanga é ǃKung /ˈkʊŋ/, ar a dtugtar Ju freisin, a labhraítear sa Namaib, sa Bhotsuáin, agus in Angóla. In éineacht leis an teanga ǂʼAmkoe, cuimsíonn ǃKung an fhine teangacha Kxʼa. San am atá caite, chreid saineolaithe go raibh fine Cadhsach ann (Béarla: Khoisan) agus faoin aicmiú sin, tugadh Cadhsainis Thuaisceartach ar ǃKung, ach níor léiríodh aontacht na fine seo riamh, agus creidtear anois nach bhfuil a leithéid d'fhine ann. Mar sin féin, caomhnaíodh an téarma antraipeolaíoch “Cadhsainis” mar scáth-théarma do theangacha a mbaineann úsáid as cliceanna go ginearálta.[1]

Tá cáil ar ǃKung as an líon mór cliceanna atá ann, mar shampla an clic ailbheolach (a scríobhtar mar ǃ) ina ainm, agus tá sé i measc na dteangacha a bhfuil an líon is mó consan agus gutaí ann, ar fud an domhain. Is teanga thónúil í freisin. Chun an focal ǃXuun a fhuaimniú ([ǃ͡χũː˦˥] in ǃKung/ǃXuun Iartharach) déantar clic roimh an bhfuaim x (atá cosúil le ch na Gaeilge), agus guta fada srónach u le ton ard ag dul in airde ina dhiaidh.

De ghnáth, úsáidtear an téarma ǃKung, nó leaganacha de, nuair a bhreathnaítear ar na canúintí mar theanga amháin, agus úsáidtear an téarma Ju nuair a bhreathnaítear orthu mar fhine bheag teangacha. Uaireanta, tugtar ǃKung ar chanúintí an tuaiscirt/iarthuaiscirt, i gcodarsnacht leis na canúintí Juǀ’hoan sa deisceart/oirdheisceart. Mar sin féin, tugann cainteoirí fhormhór na gcanúintí ǃKung orthu féin.

Baineann na litrithe ǃXun agus ǃXuun a fheictear sa taighde teangeolaíochta is déanaí leis an bhfoirm Juǀ’hoan a litríodh ǃX’u(u)n sa chóras litrithe a foilsíodh sa bhliain 1975, nó ǃKu(u)n i gcóras litrithe an lae atá inniu ann. Feictear na litrithe seo a leanas freisin: ǃHu, ǃKhung, ǃKu, Kung, Qxü, ǃung, ǃXo, Xû, ǃXû, Xun, ǃXung, ǃXũũ, ǃXun, ʗhũ:, [2] agus na litrithe malartacha seo ar Ju: Dzu, Juu, agus Zhu.

Má dhéantar comhaireamh ar na canúintí ǃKung le chéile, chuimseoidís an tríú teanga is mó ó thaobh daonra a bhaineann úsáid as cliceanna, tar éis an Chadhcaidhis agus Sandawe. D'fhéadfadh sé go bhfuil an chanúint ǃKung is mó ó thaobh daonra, Juǀ’hoan, ar aon chéim leis an Naróis sa tríú háit.

Tá meastacháin éagsúla ann, ach is dócha go bhfuil thart ar 15,000 cainteoir ann san iomlán. Is deacair comhaireamh a dhéanamh toisc go bhfuil na cainteoirí scaipthe ar fheirmeacha, measctha le chéile le cainteoirí teangacha eile, ach mheas Brenzinger (2011) go raibh 9,000 sa Namaib, 2,000 sa Bhotsuáin, 3,700 san Afraic Theas agus 1,000 in Angóla (síos ó thart ar 8,000 sa bhliain 1975).

Go dtí deireadh na fichiú haoise, bhí na canúintí tuaisceartacha forleathan i ndeisceart agus i lár Angóla. Ach theith formhór an phobail ǃKung roimh Chogadh Cathartha Angóla go dtí an Namaib (an Stráice Caprivi den chuid is mó), áit ar earcaíodh iad i bhfórsaí speisialta na hAfraice Theas i gcoinne Arm Angóla agus SWAPO. Ag deireadh Chogadh na Teorann, athlonnaíodh níos mó ná míle trodaire agus a gcuid dteaghlach go Schmidtsdrift san Afraic Theas mar gheall ar éiginnteacht faoina dtodhchaí sa Namaib.[3] Tar éis níos mó ná deich mbliana ina gcónaí faoi choinníollacha neamhchinnte, cheannaigh agus bhronn an rialtas iar-Apartheid talamh le haghaidh lonnaíocht bhuan in Platfontein, i ngar do Schmidtsdrift.[4]

Is í Juǀʼhoan amháin atá scríofa i measc na gcanúintí, ach tá sé sách difriúil ó chanúintí an Iarthuaiscirt nach féidir le cainteoirí na gcanúintí sin leas a bhaint as an litríocht chéanna.

Naisc sheachtracha

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  • Brenzinger, Matthias (2011). "The twelve Modern Khoisan languages". Khoisan Languages and Linguistics: Proceedings of the 3rd International Symposium, Riezlern / Kleinwalsertal 29. Cologne, Germany: Rüdiger Köppe Verlag. 
  • Doke, Clement Martyn (Jul 1926). "The Phonetics of the Zulu Language". Bantu Studies 2. Johannesburg, South Africa: University of the Witwatersrand Press. ISSN 0256-1751. 
  • Haacke, W.H.G. (2009). "Khoesaan Languages". In Brown, Keith; Ogilvie, Sarah (eds.). Concise Encyclopedia of Languages of the World. Oxford, UK: Elsevier. pp. 600–602. ISBN 9780080877747. LCCN 2008934269.
  • "The Kxʼa Family: A New Khoisan Genealogy" (2010). Journal of Asian and African Studies (79): 5–36.  Curtha i gcartlann 2018-11-02 ar an Wayback Machine
  • "The ǃXun Language: A Dialect Grammar of Northern Khoisan" (2015). Rüdiger Köppe. 
  • "The Phonetics of the Modern-Day Reflexes of the Proto-Palatal Click in Juu Languages" (2011). Proceedings of the 4th International Symposium on Khoisan Languages and Linguistics. 
  • "Regional Assessment of the Status of the San in Southern Africa — An Assessment of the Status of the San in South Africa, Angola, Zambia and Zimbabwe" (Apr 2001) 2. Windhoek, Namibia: Legal Assistance Centre (LAC). 
  • Sands, Bonny (2010). "Juu Subgroups Based on Phonological Patterns". Khoisian Language and Linguistics: The Riezlern Symposium 2003: 85–114. Cologne, Germany: Rüdiger Köppe. 
  • "Retroflex Clicks in Two Dialects of ǃXung" (Jun 2, 2010). University of Botswana, Department of African Languages. 
  • Suzman, James (Apr 2001). "Regional Assessment of the Status of the San in Southern Africa – An Assessment of the Status of the San in Namibia" 4. Windhoek, Namibia: Legal Assistance Centre (LAC).