Teanga ardleibhéil
Cuma
Is éard atá i dteanga ardleibhéil (nó teanga ríomhchlárúcháin ardleibhéil) teanga ríomhaireachta ina bhfuil gach treoir nó ráiteas coibhéiseach le cuid mhaith treoracha treoirchóid (na treoracha is féidir leis an ríomhaire a thuiscint go díreach). Scríobhtar teanga ardleibhéil — cosúil le Basic, Fortran agus Pascal — i nodaireacht ar féidir le húsáideoir iad a thuiscint go héasca mar go bhfuil siad cosúil leis an mBéarla.
Is féidir le ríomhchlár atá scríofa i dteanga ardleibhéil rith de ghnáth i ríomhaire ar a bhfuil léirmhínitheoir nó tiomsaitheoir atá oiriúnach don teanga sin suiteáilte. Aistríonn an tiomsaitheoir na treoracha sa teanga ardleibhéil chuig treoracha sa teanga íseal-leibhéil.[1]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Hussey, Matt (2011). "Teanga ardleibhéil". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 646.
| Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
| Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |