Teach cliste

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Teach a bhfuil gach cuid de ceangailte le cáblaí ionas gur féidir cumarsáid gutha, físe is sonraí a dhéanamh idir na seomraí is na codanna éagsúla. Is féidir a leithéid de chóras a úsáid chun monatóiriú leanúnach a dhéanamh ar an teach agus deimhin a dhéanamh go bhfuil an teocht, an soilsiú is an timpeallacht de réir mar a socraíodh. Bíonn fearais go léir an teaghlaigh, aon mhéadair is rabhaidh, ceangailte leis an ríomhaire lárnach chun gur féidir iad a chianmhonatóiriú is a chianrialú.