Taispeántas leachtchriostail

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Déantar é as ábhair ar leith, nach criostail sholadacha ná leachtanna iad a dtugtar leachtchriostail orthu. Tá leachtchriostail ann agus nuair a sheoltar sruth leictreach tríothu cuirtear na móilíní in eagar iontu, agus nuair nach mbíonn sruth ag rith tríothu fanann na móilíní randamach. Agus na móilíní randamach frithchaitheann an leachtchriostal aon solas a thiteann air, ach nuair a bhíonn na móilíní in eagar ní fhrithchaitheann sé go héifeachtach is bíonn cuma dhorcha air. É seo is bun le taispeántas leachtchriostail. I dtaispeántas alfa-uimhriúil, is féidir na huimhreacha, na litreacha is comharthaí éagsúla a chumadh as líon teoranta míreanna líneacha a thiomáintear le sruth leictreach, gach ceann neamhspleách ar gach ceann eile.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Taispeántas leachtchriostail". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 640.