Taigh Iain Ghròt
| Suíomh | ||||
|---|---|---|---|---|
| ||||
| Stát ceannasach | an Ríocht Aontaithe | |||
| Comhthír na Ríochta Aontaithe | Albain | |||
| Limistéar comhairle in Albain | Comhairle na Gàidhealtachd | |||
| Daonra | ||||
| Iomlán | 300 (2007) | |||
| Aitheantóir tuairisciúil | ||||
| Cód poist | KW1 | |||
| Lonnaithe i gcrios ama | ||||
| Glaochód | 01955 | |||
| Eile | ||||
| Suíomh gréasáin | visitjohnogroats.com | |||
Sráidbhaile i gComhairle na Gàidhealtachd is ea Taigh Iain Ghròt[1] (Béarla: John o' Groats; leasainm: The Groats). Tá sé suite i Roinn Ghallaibh nó Machair Ghallaibh (Gallaibh an ear) in oirthuaisceart na hAlban. Áit chónaithe Dúitseach darb ainm Jan de Groot, a sheol bád farantóireachta uair amháin ó mhórthír na hAlban go hInse Orc (Gaeilge na hAlban: Arcaibh), uair éigin le linn na tréimhse Hainseatach, ab ea John O’Groats. Chosain an turas farantóireachta grót nó bonn bán amháin.[2] De réir na n-údarás turasóireachta, is é Taigh Iain Ghròta an pointe is faide ó thuaidh ar mhórthír na hAlban. Faraor, níl seo fíor: tá Am Parbh i gCataibh suite ag an taobh thiar den chósta thuaidh níos gaire don Phol Thuaidh.
Nascann bád farantóireachta Taigh Iain Ghròta le Burwick i Raghnallsaigh idir Bealtaine agus Meán Fómhair.[3]
Naisc sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ “Ainmean-Àite na h-Alba (AÀA) — Gaelic Place-names of Scotland” (en). Ainmean-Àite na h-Alba. Dáta rochtana: 2023-07-09.
- ↑ A Brief History of John O' Groats
- ↑ ". John O' Groats Ferry - Timetable". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2022-06-30. Dáta rochtana: 2022-06-12.
