Raghnallsaigh

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Tíreolaíocht FhisiceachRaghnallsaigh
(en) South Ronaldsay Cuir in eagar ar Wikidata
Íomhá
CineálOileán Cuir in eagar ar Wikidata
Cuid deInse Orc Cuir in eagar ar Wikidata
Suite laistigh de/ar ghné fhisiciúilAn Mhuir Thuaidh Cuir in eagar ar Wikidata
Suíomh
Limistéar riaracháinInse Orc, Scotland agus South Ronaldsay, Scotland (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Map
 58°47′00″N 2°57′00″W / 58.783333333333°N 2.95°W / 58.783333333333; -2.95
Suite i nó in aice le limistéar uisceAn tAigéan Atlantach Cuir in eagar ar Wikidata
Tréithe
Toisí8.5 (leithead) × 12 (fad) km
Achar49.8 km² Cuir in eagar ar Wikidata

Is oileán de chuid Inse Orc é Raghnallsaigh[1]Raghnallsaigh a Deas (Béarla: South Ronaldsay; Sean-Lochlainnis: Rognvaldsey “oileán Raghnaill”). Tá sé 4,980 heicteár (19.2 míle cearnach) ina achar agus is é Raghnallsaigh an ceathrú oileán is mó in Inse Orc tar éis Mòr-thìr Arcaibh, Hòigh, agus Sanndaigh.[2]

Sa bhliain 2011 bhí 909 duine ina gcónaí ar an oileán,[3] agus 550 acu i St Margaret's Hope, an lonnaíocht is tábhachtaí i Raghnallsaigh agus an tríú lonnaíocht is mó in Inse Orc.

Ceanglaíonn bóthar A961 Raghnallsaigh le Mòr-thìr Arcaibh, agus tá seirbhís farantóireachta ar fáil ón oileán go dtí Cataibh, in aice le Taigh Iain Ghròt.[4]

Is é Ward Hill an cnoc is airde san oileán, suite i lár Ragnallsaigh. Tá sé 119m (390 troigh) ar airde.[5] Tá bóthar ann a théann chuig an stáisiún raidió i ngar do bharr an chnoic.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Alba le Roy Pedersen
  2. Haswell-Smith, Hamish (2008): The Scottish Islands. Dùn Èideann, Canongate, td 358–59; ISBN 9781847672773
  3. National Records of Scotland 2011 Census Earr-ràdh 2: Population and households on Scotland’s inhabited islands (PDF). Air a tharraing 8 an Lùnastal 2015
  4. Pentlandferries
  5. Hill Bagging (Beurla)