Tacsól

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search

Ábhar a tharlaíonn go nádúrtha i gcoirt crann iúir shíorghlais an Aigéin Chiúin. Gníomhaíonn sé go maith i gcoinne ailsí áirithe sa scamhóg, an t-ubhagán, an scornach is an ceann. Nuair a rinneadh staidéar air sna 1960idí bhíodh deacrachtaí leis mar gheall ar a thocsaineacht, ach faoi seo tá cuid de na deacrachtaí sáraithe. De réir dealraimh, cuireann sé isteach ar chilldeighilt is scaradh na gcrómasón sa phróiseas sin. Tá an-chosúlacht air mar chóireáil ailse. Ach tá sé an-tearc sa choirt, agus is gá 12,000 crann a bhaint chun 2.5 kg tacsóil a sholáthar. Mar sin, tá an-iarracht á déanamh é a shintéisiú go saorga.