Jump to content

Tógáil chloiche

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
scrín Setagaya Hachiman (世田谷八幡宮)[1]

Is seantraidisiún timpeall na hEorpa agus timpeall an domhain é tógáil chloiche. Bhí na ‘cloch nirt’ seo mar dhlúthchuid de shochaí na gCeilteach ar feadh na gcianta. Le linn sochraidí, bainiseacha agus le ceiliúradh a dhéanamh ar na féilte ceilteacha. Cosúil leis an Íoslainn, Albain agus Tír na mBascach, is seantraidisiún na hÉireann é tógáil chloiche.[2]

Thóg na daoine is láidre sna sráidbhailte na carraigeacha seo in Éirinn ársa mar chaitheamh aimsire.[3] Dhéanfaí ceiliúradh ar na daoine seo agus scéalta á n-insint fúthu ar feadh na mblianta.[4]

Tar éis an ghorta mhóir nuair a bhásaigh na milliúin Éireannach agus nuair a d’imigh milliún eile ar imirce, cailleadh go leor de na scéalta agus de na traidisiúin seo. Ach tá traidisiún na tógála cloch fós ann in Éirinn. Mar shampla, eagraíonn Glór na Móna ócáidí mar chuid d'Fhéile na gCloigíní Gorma.[5]

Sna 2020idí, bhain David Keohan as Poirt Láirge an curiarracht dhomhanda amach ag tógáil tromán cluasach.

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. "Hachiman shrine" (as en) (2024-07-05). Wikipedia. 
  2. Glór na Móna (2024). "Féile na gCloigíní Gorma". Dáta rochtana: 2024.
  3. "Gaiscíthe · Gleann Caisil · Bailiúchán na Scol" (en). dúchas.ie. Dáta rochtana: 2024-07-20.
  4. Meoneile ar Vimeo (2024). "Físeán - Tógáil clocha". Dáta rochtana: 2024.
  5. "Traidisiún na tógála cloch in Éirinn < Meon Eile". www.meoneile.ie. Dáta rochtana: 2024-07-20.