Téarmaíocht leighis don Ghaeilge

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Is éard is Téarmaíocht leighis don Ghaeilge ná téarmaíocht a bhaineann le cúrsaí leighis i dteanga na Gaeilge.

Foclóirí agus foinsí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Foclóir an Leagha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhain Tomás Mac Coistealbha (‘Fionn-bhéarra’) an chéad duais agus R. Ó hAodha (‘An Mangaire Súgach’) an dara duais in Oireachtas na bliana 1903 lena liostaí de théarmaí leighis. Foilsíodh an dá liosta le chéile faoin ainm Foclóir an Leagha sa bhliain 1905. Bhí na baill ghiniúna ar liosta Uí Choistealbha i bhfolach faoi éadach na Gréigise agus na Laidine.

  • Foclóir Fiseolaíochta agus Sláinte - Acmhainn.ie

Nótaí ón Lia[cuir in eagar | athraigh foinse]

Leabhar a scríobh Ruairí Ó Bléine (Coiscéim, 1999), ina dtugtar cuntas ar 52 tinneas coitianta. Tá léaráidí agus foclóirín ann. Bhí sé i gceist ag an údar gur feidhm lámhleabhair do theaghlaigh Ghaelacha a bhainfí as an leabhar agus mínítear coincheapa casta an leighis ar bhealach simplí sothuigthe. Leabhar é Lia agus Leigheas ina bhfuil cnuasach d’ailt leis an Dochtúir Niall Ó Cléirigh a foilsíodh ar an nuachtán seachtainiúil Foinse. Féach freisin téacsleabhair bhitheolaíochta an Ghúim agus foilseacháin ghinearálta mar Leabhar Mór an Eolais, ciclipéid don aos óg a d’fhoilsigh an Gúm sa bhliain 2007.

Foinsí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Rosa Anglica
  • Liosta de nathanna Ultacha a thiomsaigh Seán Mac Maoláin agus a d’fhoilsigh Ciarán Ó Duibhín ar www.smo.uhi.ac.uk/~oduibhin/focla.htm#slainte.
  • Gheofar sciar maith de na leaganacha a bhí in úsáid sa Ghaeltacht in An Béal Beo le Tomás Ó Máille, faoin gceannteideal ‘Cnámha agus Galraí’.

Leabhair[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • An Cholainn Dhaonna - leabhar le mionsamhail den cholainn ann - dírithe ar dhaoine óga
  • "Léargas Ar An Cholainn Dhaonna" Máiréad Ní Ghráda a d'aistrigh
  • Lia agus Leigheas le Niall Ó Cléirigh agus Seán P. Ó Conchúir - ailt ó Foinse ar ghalair choitianta
  • "Luibheanna Leighis" (Forey agus Lindsay 1989, Nicholas Williams a rinne an leagan Gaeilge 1997, An Gúm). Tá téarmaí leighis go leor sa leabhairín seo, gan trácht ar na luibheanna éagsúla.
  • Fréamh an Eolais Ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta le Matt Hussey
  • "Leaganacha Leighis" le Dr. Nicola de Faoite
  • "Nótaí ón Lia" le Dr. Ruairí Ó Bléine
  • Foilseachán FSS
  • Téarmaí Dochtúireachta, An Gúm, 1940

Eile[cuir in eagar | athraigh foinse]