Téada an ghutha

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search

Dhá fhilleadh mhatánacha sa laraing, taobh istigh d'úll na scornaí. An-solúbtha, agus tógtar le chéile iad chun bac a chur le haershreabh le linn urlabhra. Critheann siad ansin, ag déanamh an ghutha, agus feidhmíonn siad i bhfuaimniú na ngutaí go léir is cuid de na consain. Feidhmítear iad freisin chun airde an ghutha a athrú (ardaíonn an airde nuair a mhéadaíonn minicíocht an chreatha) agus tagann siad san áireamh nuair a dhéantar toin dhifriúla gutha. Nuair a bhíonn siad lánoscailte, sreabhann an t-aer go saor, mar a tharlaíonn i gcogarnaíl agus nuair a bhíonn h á fhuaimniú.