Syrtis Major

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Máigh mhór mhillteanach basailt ar Mhars is ea Syrtis Major. B'é Syrtis Major an chéad mhionsonra geografach ar dhroim an phláinéid a thug aon duine faoi deara. B'é an réalteolaí Ollannach Christiaan Huygens a rinne é, thiar ins an bhliain 1694.

Syrtis Major MC-13

Ní bhfuair Syrtis Major a ainm ach dhá chéad bliain níos deireanaí, áfach. B'é an réalteolaí Iodálach Giovanni Schiaparelli a bhaist é, cosúil le cuid mhór áiteanna eile ar Mhars. Roimhe sin, ba mhinic a bheireadh na saineolaithe "Muir an Orláiste" ar Syrtis Major, ó bhí an "mhuir" ina cuidiú mór acu le tréimhse rothlaithe Mharsa a oibriú amach. Ba ghnách leis na saineolaithe a cheapadh, ar dtús, gur farraige a bhí ann, nó chonacthas dóibh go raibh Syrtis Major gorm i leith na huaine. Le fírinne, tá sé liathdhonn nó liath, ach ós rud é go bhfuil an chuid eile den phláinéad cineál flannbhuí, is é an t-imprisiún a fhágfaidh an chodarsnacht ar an mbreathnóir go bhfuil Syrtis Major gorm.

Inniu, tá a fhios againn gur cloch laibhe atá ann, nó basalt, agus é cosúil go leor leis na cineálacha basailt a d'fheicfeá ar an Domhan s’againn. Tá cuid lárnach Syrtis Major in anás cráitéar, i bhfarradh is an chuid eile den mháigh, ach tá dhá chaildéara mhóra ann. Is é is caildéara ann ná an cineál poll mór a fhágtar sa talamh i ndiaidh chráitéar an bholcáin mhúchta. Tugtar Nili Patera ar an gceann is mó acu (agus é ciliméadar is trí scór ar trastomhas), agus is é an caildéara is lú acu ná Meroe Patera (cúig chiliméadar is dhá scór ar trastomhas). "Patera" an t-ainm Laidine a bheirthear ar na caildéaraí i logainmníocht Mharsa.

Tá an chuid lárnach de Syrtis Major ag críochantacht le hIridis Planitia, ar máigh í a múnlaíodh sách déanach i stair gheolaíoch Mharsa. Tá sí suite níos ísle thíos ná Syrtis Major, fosta.

Baisteadh Syrtis Major Planum ar an chuid lárnach de Syrtis Major. Is é is brí le planum ná máigh nó ardchlár, ach is ar éigean is féidir clár a thabhairt ar Syrtis Major Planum, nó tá an talamh ag dul in airde i dtreo an dá chaildéara. Mar sin, creidtear gur sciathbholcán, nó iarsma sciathbholcáin, atá i Syrtis Major Planum, go bunúsach. An laibhe a bhrúcht amach as an dá cháildéara nuair a bhí siad gníomhach go fóill, shnigh sí síos na céadta ciliméadar go dtí gur shioc sí go basalt. Siúd is go bhfuil an "sciath" bhasaltach míle dhá chéad ciliméadar ar trastomhas inniu, níl sí ach dhá chiliméadar ar airde sa bhall is airde de.