Jump to content

Susan McKenna-Lawlor

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaSusan McKenna-Lawlor

(2015) Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith3 Márta 1935
89 bliana d'aois
Baile Átha Cliath Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síAn Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmréalteolaí, réaltfhisiceoir Cuir in eagar ar Wikidata
Gradam a fuarthas

Is réaltfhisiceoir Éireannach í Susan McKenna-Lawlor a rugadh ar 3 Márta 1935. Is ollamh emeritus le fisic thurgnamhach í in Ollscoil na hÉireann, Má Nuad.

Luathshaol agus gairm

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rugadh Susan i mBaile Átha Cliath sa bhliain 1935. Rinne sí staidéar ar an bhfisic thurgnamhach sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath.[1]

Scríobh McKenna-Lawlor an t-alt suirbhé: Astronomy in Ireland from 1780 (“Réalteolaíocht in Éirinn ó 1780”) do Vistas in Astronomy in 1968.[2]

Space Technology Ireland Ltd

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ba í McKenna-Lawlor an príomhthaighdeoir do thurgnamh ar an misean Giotto faoi scáth Ghníomhaireacht Spáis na hEorpa. Sa bhliain 1986, bhunaigh sí an comhlacht ionstraimíochta spáis Space Technology Ireland Ltd (STIL), leis an gcaipitlí fiontair Dermot Desmond. Táirgeann STIL ionstraimí do mhisin spáis agus is í McKenna-Lawlor an stiúrthóir bainistíochta.

Bhí McKenna-Lawlor i gceannas ar fhoireann idirnáisiúnta d'eolaithe a thóg brathadóir na gcáithníní go raibh in ann fuinneamh a bhrath idir 30 cilileictreonvolta agus roinnt meigi-leictreonvoltaí don spásárthach Sóivéadach Phobos in 1988. De thoradh an rath a bhí air seo, d’iarr na heolaithe Sóivéadacha gléas den chineál céanna a chur ar aghaidh chun misean Mars sa bhliain 1994.[3]

D'fhorbair sí ionstraimí chun monatóireacht a dhéanamh ar an ngaoth gréine ar Mhars don mhisean ESA Mars Express. 

  1. "Irish scientist's role in comet-chasing Rosetta mission". Silicon Republic.
  2. McKenna-Lawlor, Susan M.P. (1968). "Astronomy in Ireland from 1780". Vistas in Astronomy 9: 283–296. 
  3. Henbest, Nigel (11 March 1989). "Probe reveals Mars may have radiation belts". New Scientist. 

Naisc sheachtracha

[cuir in eagar | athraigh foinse]