Sun Yat-sen
(1910í) | |
| Ainm sa teanga dhúchais | (zh) 孫逸仙 |
|---|---|
| Beathaisnéis | |
| Breith | 12 Samhain 1866 Cuiheng (ríshliocht Qing) |
| Bás | 12 Márta 1925 58 bliana d'aois Peking Union Medical College Hospital (Poblacht na Síne) |
| Siocair bháis | Bás nádúrtha (Ailse an ae) |
| Áit adhlactha | Sun Yat-sen Mausoleum (en) |
| Extraordinary President of the Republic of China (en) | |
| 7 Aibreán 1921 – 21 Feabhra 1923 ← luach ar iarraidh – Deireadh an phoist → | |
| Uachtarán Mór Phoblacht na Síne | |
| 1 Eanáir 1912 – 13 Feabhra 1912 ← luach ar iarraidh – Yuan Shikai → | |
| Faisnéis phearsanta | |
| Reiligiún | An Eaglais Chomhthionólach |
| Scoil a d'fhreastail sé/sí | Hong Kong College of Medicine for Chinese (en) Boji Medical College (en) Queen's College (en) ʻIolani School (en) Punahou School (en) Li Ka Shing Faculty of Medicine (en) |
| Áit chónaithe | San Francisco Haxell's Hotel (en) |
| Gníomhaíocht | |
| Suíomh oibre | Hong Cong |
| Gairm | polaiteoir, dochtúir leighis, fealsamh |
| Fostóir | Ollscoil Nanjing |
| Ball de pháirtí polaitíochta | Kuomintang Tongmenghui |
| Ball de | |
| Teangacha | Béarla agus an tSínis |
| Gairm mhíleata | |
| Brainse míleata | Republic of China Army (en) |
| Céim mhíleata | Generalissimo |
| Coinbhleacht | Réabhlóid Xinhai |
| Teaghlach | |
| Céile | Lu Muzhen (1884–1915), colscaradh Chen Cuifen (1891–1906) Haru Asada (1897–1902) Kaoru Otsuki (1905–1906) Soong Ching-ling (1915–1925), bás |
| Páiste | Sun Fo ( Fumiko Miyagawa ( Sun Wan ( Sun Yan ( |
| Athair | Sun Dacheng agus Madame Yang |
| Siblín | Sun Mei |
Gradam a fuarthas | |
Réabhlóidí agus ceannaire Síneach a bhí i Sun Yat-sen (Pinyin: Sūn Yixiān) (12 Samhain 1866 – 12 Márta 1925). Ceapadh é mar Uachtarán sealadach ar Phoblacht na Síne in 2011. Tugtar an leasainm "Athair an Náisiúin" air sa Téaváin.[1]




Beatha
[cuir in eagar | athraigh foinse]Le blianta fada, bhí Sun chun cinn i ngluaiseachtaí i gcoinne Qing, bhí lámh aige i mbunú gluaiseachtaí réabhlóideacha, agus in iarrachtaí ar éirithe amach, iarrachtaí ar theip orthu. Bhunaigh sé an ghluaiseacht Tongmenghui[2] in 1905.
Nuair a bhris Éirí Amach Wuchang amach in 1911, ní raibh an té is mó a samhlaíodh leis an réabhlóid, Sun Yat-sen, fiú sa tSín ag an am. I mí Dheireadh Fómhair 1911, bhí Sun in Denver, Colorado, agus é i mbun maoiniú a fháil i measc an phobail Shínigh i Stáit Aontaithe Mheiriceá a bhí tar éis fulaingt de bharr an chiníochais sa tír sin le fada.[3]
Agus é ina shuí in Óstán an Pháláis Dhoinn léigh Sun faoi Éirí Amach Wuchang sa nuachtán. Thuig sé go raibh tús curtha leis an éirí amach a raibh sé ag obair ar a shon le fada agus chuaigh sé i mbun a thurais chun filleadh ar an tSín a phleanáil. Ar an mbealach abhaile dó, thug sé cuairt ar ardchathracha na hEorpa chun gealltanais a fháil ó na mórchumhachtaí go bhfanfaidís neodrach faoin éirí amach. Agus na gealltanais faighte aige d’fhill sé ar an tSín i dtreo dheireadh mhí na Nollag.
Tháinig Sun i láthair in Guangzhou ar an 25 Nollaig 1911 agus seachtain ina dhiaidh sin toghadh é mar uachtarán sealadach Phoblacht na Síne. D’éirigh an t-impire deireanach Qing, Puyi, as an gcoróin go foirmiúil i Márta na bliana 1912, rud a chuir deireadh le níos mó ná 250 bliain de riail Manchu agus 2,000 bliain de mhonarcacht impiriúlach.[3]
Duine de bhunaitheoirí an pháirtí Kuomintang (Guomindang) a bhí i Sun agus bhí sé ina chathaoirleach air. Tugtar an leasainm "Athair an Náisiúin" air sa Téaváin.[1]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ 1.0 1.1 agus tugtar "Forerunner of the Revolution" air i nDaon-Phoblacht na Síne inniu
- ↑ "Tongmenghui" (as en) (2025-09-16). Wikipedia.
- ↑ 3.0 3.1 Kerron Ó Luain (2025-10-10). "Éirí Amach Wuchang, an 10 Deireadh Fómhair 1911" (ga-IE). An Páipéar. Dáta rochtana: 2025-10-10.