Sun Tzu

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaSun Tzu

Cuir in eagar ar Wikidata
Ainm sa teanga dhúchais(zh-hant) 孫子
Beathaisnéis
Breith(zh-hant) 孫武
c. 544 "RCh"
Wu Cuir in eagar ar Wikidata
Básc. 496 "RCh"
47/48 bliana d'aois
Gusu (Zhou dynasty)
Gníomhaíocht
Réimse oibreFealsúnacht agus military strategy (en) Aistrigh
Gairmscríbhneoir, fealsamh, saighdiúir Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaAn tSínis
Gairm mhíleata
GéillsineWu
Céim mhíleataarmy general (en) Aistrigh
ceannaire míleata Cuir in eagar ar Wikidata
I gceannas arWu
CoinbhleachtSpring and Autumn period (en) Aistrigh
Saothar
Saothar suntasach
Teaghlach
PáisteSun Ming Zi Cuir in eagar ar Wikidata
AthairSun Ping A
Duine muintearthaSun Jian (sliochtach) Cuir in eagar ar Wikidata

Last fm: 孙子 Musicbrainz: a622b202-be08-4f95-b599-78b097612208 Songkick: 503443 Cuir in eagar ar Wikidata

Ginearál agus straitéisí míleata Síneach ab ea Sun TzuSun Wu (t.544 RC - t.496 RC). Tá cáil ar leith air as an leabhar dá chuid, Ealaíon na Cogaíochta. Déanann an leabhar áirithe seo cur síos ar na nithe atá ag teastáil chun an leas is fearr a bhaint as an gcogaíocht ar mhaithe le bua tapa neamhchostasach a fháil.

A Chúlra[cuir in eagar | athraigh foinse]

Scríobh sé trí chaibidil déag an leabhair seo i Ríocht Wu, cé gurbh as Stát Ch’i é ó dhúchas. Chuaigh an leabhar agus pearsantacht an fhir féin, chomh mór sin i bhfeidhm ar rí Wu, gur cheap sé é ina ghinearál ar a fhórsaí armtha sa bhliain 512 RC.[1] D’éirigh le saighdiúirí Wu an bua an fháil ar na naimhde ba mhó acu, na Ríochtaí Yueh agus Ch’u ar feadh scór bliain. Fuair Sun Tzu agus rí Wu bás thart ar 496 RC.

Deireadh le tionchar Sun Tzu[cuir in eagar | athraigh foinse]

Leanadh treoracha míleata Sun Tzu i stát Wu ar feadh tamaill i ndiaidh a bháis agus bhí rath leanúnach ar an stát i gcúrsaí cogaíocht dá bharr. Ach bualadh arm Wu go trom nuair a rinneadh faillí sna treoracha seo agus tháinig deireadh leis an ríocht sa bhliain 473 RC.

Aistriúcháin[cuir in eagar | athraigh foinse]

D’aistrigh Íosánach, an tAthair J.J.M. Amiot, an leabhar go Fraincis ar dtús (Art Militaire des Chinois) sa bhliain 1782.[1] Bhí scéal ann go raibh an leabhar beag seo faoi deara an ratha a bhí ar ghairm mhíleata Napoléon Bonaparte, ach níl aon fhianaise cheart ann ina leith seo. Deirtear gur imigh sé tionchar ar straitéisí míleata Mao chomh maith. D’aistrigh P.F. Calthrop an leabhar go Béarla ar dtús sa bhliain 1905. Rinne Lionel Giles aistriúchán Béarla eile air sa bhliain 1910, arb é an leagan is mó úsáide sa teanga sin (le fáil thíos).

Ábhar an Leabhair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Cuirtear béim mhór sa leabhar seo ar an ngá atá le gliceas agus ní le hollneart míleata, chun cath a bhuachaint:

Bíodh aithne agat ar do namhaid agus ort féin agus beidh tú in ann troid i gcéad cath gan oiread is tubaiste amháin.
Tá ealaín na cogaíochta ina ábhar ríthábhachtach don stát.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. 1.0 1.1 Sun Tzu, Ealaíon na Cogaíochta, Eag. James Clavell, (Londain 1981/2005)

Naisc Sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]