Suaitheadh (iarann)
Cuma
Ciall amháin is ea an próiseas chun muciarann (le tiúchan ard carbóin) a mhalartú ina iarann saoirsithe (le tiúchan an-íseal carbóin) trína leá i bhfoirnéis bheag ina n-oibrítear é chun an carbón a bhaint as trí ocsaídiú leis an aer, agus an tslaig a bhaint trí easbhrú. Dhéantaí é seo leis na lámha, ach déantar go meicniúil anois é. Ciall eile is ea corraí meascán coincréite chun síothlú a chur ar aghaidh is comhdhéanamh aonfhoirmeach a bhaint amach.[1]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Hussey, Matt (2011). "Suaitheadh". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 633.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |