Stranger Than Paradise
Cuma
| Stranger than Paradise | |
|---|---|
| Buneolas | |
| Stiúrthóir | Jim Jarmusch |
| Príomhcharachtair | |
| Léiriú | Sara Driver |
| Script | Jim Jarmusch |
| Ceol | John Lurie |
| Grianghrafadóireacht | Tom DiCillo |
| Eagarthóireacht scannáin | Jim Jarmusch |
| Dáileoir | The Samuel Goldwyn Company agus Netflix |
| Mionsonraí | |
| Tír bhunaidh | Stáit Aontaithe Mheiriceá agus an Ghearmáin |
| Céadléiriú | 1984 |
| Fad ama | 89 min agus 88 min |
| Bunteanga | Béarla |
| Suíomh scannánaíochta | Nua-Eabhrac, Cleveland agus Florida |
| Dath | daite agus dubh agus bán |
| Buiséad | 100,000 $ |
| Tuilleamh | 2,436,000 $ |
| Cur síos | |
| Bunaithe ar | Stranger Than Paradise (The New World) |
| Seánra | scannán drámaíochta, scannán grinn agus scannán bóthair |
| Rátáil MPAA | R |
| Príomhábhar | dlúthchaidreamh daonna agus cultúr na Stát Aontaithe |
| Suíomh scéalaíochta | Nua-Eabhrac, Cleveland agus Florida |
| Socraithe sa tréimhse | 1980idí |
| Liosta na ngradam agus na n-ainmniúchán | |
| Gradam a fuarthas | |
Scannán is ea Stranger Than Paradise a scríobhadh agus a stiúradh ag Jim Jarmusch. Scaoileadh é i 1984. Scannán dubh agus bán a bhí ann. Thosaigh sé mar ghearrscannán tríocha nóiméad faoin teideal Stranger Than Paradise (The New World) i 1982. Bhí ról ag beanchéile Jim Jarmusch, Sara Driver, sa scannán seo. Feictear í ag deireadh an scannáin le hata uirthi ag feitheamh ar an airgead.
Rangú an scannán ag #26 i liosta "The Top 50 Cult Films" san irisleabhar Entertainment Weekly.[1]
Ceol
[cuir in eagar | athraigh foinse]An príomhaisteoir John Lurie a rinne an ceol don scannán, ach amháin an t-amhrán I Put a Spell on You le Screamin' Jay Hawkins, a chloistear go minic sa scannán. D'eisigh Enigma an t-albam Stranger Than Paradise/The Resurrection of Albert Ayler sa bhliain 1999.
Teidil Chreidiúna
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Stiúrthóir Griangrafadóireachta – Tom Di Cillo
- Ceol – John Lurie
- Eagarthóir – Jim Jarmusch agus Melody London
- Léiritheoir Feidhmiúcháin – Otto Grokenberger
- Léiritheoir – Sara Driver
- Scríbhneoir – Jim Jarmusch
- Stiúrthóir – Jim Jarmusch
Aisteoirí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- John Lurie - Willie.
- Eszter Balint - Eva.
- Richard Edson - Eddie.