Jim Jarmusch
Is stiúrthóir, léiritheoir, eagarthóir, scríbhneoir agus aisteoir scannáin é Jim Jarmusch. Saolaíodh James R. Jarmusch ar an 22ú Mí Eanáir 1953 in Akron, Ohio i Stáit Aontaithe Mheiriceá. Tosaíodh a slí bheatha mar stiúrthóir scannáin leis an scannán Permanent Vacation i 1980.
Bhí agus tá clú agus cáil ar Jarmusch leis na criticí mar stiúrthóir scannáin neamhspleách ach ní raibh ag éirigh leis sa Scannán Mór Ratha (Box Office) go dtí gur sheol sé an scannán Ghost Dog: The Way Of The Samurai agus arís leis an scannán Coffee & Cigarettes. D’éirigh ar fheabhas leis sa Scannán Mór Ratha lena scannán nua Broken Flowers i 2005 le Bill Murray mar phríomhaisteoir.
Tá Jarmusch pósta leis an stiúrthóir scannáin Sara Driver, scríobh siad an scripte don scannán You are not I le chéile i 1981. Bhí Driver mar léiritheoir ar Stranger Than Paradise agus deirtear go bhfuair sé an inspioráid don le haghaidh Broken Flowers uaithi.[1] Scríobh Jim Jarmusch agus John Yau an leabhar Original Sin: Visionary Art of Joe Coleman i 1998.[2]
Saol agus Saothar
[cuir in eagar | athraigh foinse]Oideachas
[cuir in eagar | athraigh foinse]Rinne Jarmusch céim sa Bhéarla in Ollscoil Columbia sa Stáit Aontaithe agus ansin chuaigh sé ar aghaidh gan aon taithí oibre sa scannánaíocht le áit a fháil sa “New York University's Tisch School of the Arts”. Bhí sé ag obair ansin mar chúntóir leis an scannánaí Nicholas Ray. Thug Nicholas Ray cabhair dó airgead a fháil ar dheontas leis an scannán Permanent Vacation a stiúradh. Bhí air Permanent Vacation a dhéanamh mar tionscnamh tráchtais. Ní bhfuair sé a chéim ó NYU toisc go raibh na Ollaimh san ollscoil traochta leis an tráchtas d'ainneoin go raibh na criticí sásta leis ach b'éigean dóibh céim onórach a thabhairt dó nuair a bhí sé ag éirigh níos cáiliúla.
Gradaim
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Buaiteoir - Bronnadh duais Josef von Sternberg san fhéile idirnáisiúnta scannáin i Mannheim-Heidlberg. (1980 - Permanent Vacation)
- Buaiteoir - Bronnadh an duais critice idirnáisiúnta air, Figuera da Foz, sa Phortaingéil. (1980 - Permanent Vacation)
- Fuair dara scannán de chuid Jarmusch Stranger Than Paradise (1982), go leor moltaí ó na criticí. Bhain Stranger Than Paradise an Camera d’Or don scannán is fearr sa bhliain 1984.
- Bhain Jim Jarmusch Palme d'Or le haghaidh Coffee and Cigarettes - Somewhere in California don gearrscannán is fearr i 1993 i bhféile scannáin Cannes.
- Bhí scannán is déanaí Jim Jarmusch Broken Flowers mar bhuaiteoir an Grand Prix i bhFéile scannán Cannes i 2005.
- Bhain Jarmusch an duais Best Artistic Contribution i bhféile scannáin Cannes 1989 don scannán Mystery Train.
- Bronnadh Screen International an Five Continents Award ar Jarmusch don scannán Dead Man i 1996.
- Bronnadh Duais Speisialta: Dramatúil ar Jarmusch don scannán Stranger Than Paradise i bhféile scannáin na Stáit Aontaithe i 1985. (Níl Féile na Stáit Aontaithe ann a thuilleadh)
Saothair
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bliain | Teideal | Ról |
---|---|---|
1980 | Underground USA | Fuaim |
1980 | Permanent Vacation | Stiúrthóir, Scríbhneoir, Léiritheoir, Eagarthóir, Cumadóir. |
1980 | Lightning Over Water | Breathnóir |
1981 | You Are Not I | Scríbhneoir, Léiritheoir, Cinematographer |
1982 | Stranger Than Paradise (The New World) | Stiúrthóir, Scríbhneoir |
1982 | Stand der Dinge, Der | Cumadóir. |
1983 | Down By Law | Stiúrthóir, Scríbhneoir |
1984 | Burroughs | Fuaim |
1984 | American Autobahn | Aisteoir (Léiritheoir Scannáin) |
1984 | Stranger Than Paradise | Stiúrthóir, Scríbhneoir, Eagarthóir |
1986 | Sleepwalk | Ceamaradóir |
1986 | Coffee & Cigarettes | Stiúrthóir, Scríbhneoir, Cinematographer |
1987 | Straight to Hell | Aisteoir (Amos Dade) |
1987 | Helsinki Napoli All Night Long | Aisteoir (Fear beáir) |
1988 | Candy Mountain | Aisteoir |
1989 | Mystery Train | Stiúrthóir, Scríbhneoir |
1989 | Leningrad Cowboys Go America | Aisteoir (Díoltóir carr/Nua Eabhrac) |
1989 | Coffee and Cigarettes - Memphis Version | Stiúrthóir, Scríbhneoir |
1990 | The Golden Boat | Aisteoir (Stráinséir) |
1991 | American Dream | Buíochas Speisialta |
1991 | Night on Earth | Stiúrthóir, Scríbhneoir, Léiritheoir |
1992 | In The Soup | Aisteoir (Monty) |
1993 | Coffee and Cigarettes - Somewhere in California | Stiúrthóir, Scríbhneoir, Eagarthóir |
1993 | When Pigs Fly | Léiritheoir Feidhmeannach |
1994 | Clerks | Buíochas Speisialta |
1995 | Dead Man | Stiúrthóir, Scríbhneoir |
1995 | Iron Horsemen | Aisteoir (Silver Rider) |
1995 | Blue In The Face | Aisteoir (Bob) |
1996 | Cannes Man | Aisteoir (Caimeo) |
1996 | Sling Blade | Aisteoir (Frostee Cream Boy) |
1997 | Year of the Horse | Stiúrthóir, Cinematographer |
1999 | Ghost Dog: The Way of the Samurai | Stiúrthóir, Scríbhneoir, Léiritheoir |
2002 | Ten Minutes Older: The Trumpet
(mír "Int. Trailer Night) |
Stiúrthóir, Scríbhneoir |
2004 | Coffee and Cigarettes Chomh maith le 1986 Coffee and Cigarettes, Somewhere in |
Stiúrthóir, Scríbhneoir, Eagarthóir |
2005 | Enron: The Smartest Guys in the Room | Buíochas Speisialta |
2005 | Broken Flowers | Stiúrthóir, Scríbhneoir |
2009 | Limits of Control | Stiúrthóir, Scríbhneoir |