Stopadh gealaí

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Stopadh gealaí

Is éard is stopadh gealaí ann ná nuair a shroicheann an ghealach a pointe is faide ó thuaidh nó is faide ó dheas i rith míosa (go sonrach mí thrópaiceach thart ar 27.3 lá). Athraíonn an diallas (comhordanáid neamhaí arna thomhas mar an uillinn ón meánchiorcal neamhaí, ar aon dul le domhanleithead) ag stopadh gealaí i dtimthriall 18.6 bliain ar fad idir 18.134° (ó thuaidh nó theas) agus 28.725° (ó thuaidh nó theas), mar gheall ar luainíocht na gealaí. Tugtar an mionstopadh gealaí agus an mórstopadh gealaí ar na foircinn seo.

Ba i mí Dheireadh Fómhair 2015 a tharla an mionstopadh gealaí deireanach, agus beidh an chéad cheann eile in 2034. Ba in 2006 a tharla an mórstopadh gealaí deireanach, agus beidh an chéad cheann eile in 2025.