Stiofán Mac Éanna

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search

Teangeolaí agus scríbhneoir de shliocht Éireannach ba ea Stiofán Mac Éanna (1872-1934). Tháinig cáil air de bharr an aistriúcháin Bhéarla a rinne sé de shaothar Plotinus, fealsamh mór a bhí beo le linn an chuid deiridh den Impireacht Rómhánach. Bhí an-mheas ar stíl Mhic Éanna, agus chuir sé fealsúnacht Plotinus in iúl do ghlúin nua.

Beatha agus saothar[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí baint ag Mac Éanna le trí theaghlach shuntasacha Chaitliceacha trína athair, an Captaen Stephen Joseph MacKenna, a ghabh trína lán eachtraí agus é ina shaighdiúir óg agus a thug faoi scéalta eachtraíochta a scríobh ina dhiaidh sin. Bhí baint aige freisin le traidisiún na Cinsealachta. I Learpholl a tógadh an chlann ar dtús, agus chuaigh Mac Éanna agus a dheartháir ar scoileanna Caitliceacha. Is ann a fuair sé bunús na Gréigise Clasaicí. Chlis an scrúdú iontrála ollscoile air, áfach, agus tar éis dó tréimhse ghearr a chaitheamh mar nóibhíseach in ord rinneadh cléireach de i mBanc na Mumhan agus an Laighin. Fuair sé post mar iriseoir ag nuachtán i Londain agus sa bhliain 1896 fuair post nua mar iriseoir i bPáras do nuachtán Caitliceach. I Londain bhailigh sé leabhair, chuaigh isteach i gCumann Liteartha na hÉireann agus chuaigh isteach freisin san eagraíocht réabhlóideach Éire Óg.

I bPáras ba mhinic é i gcomhluadar náisiúnach Éireannach. Chuaigh sé isteach i bhfórsaí na Gréige i gCogadh Gréag-Thurcach 1897, rud a chuir ar a chumas eolas a fháil ar ghnáth-Ghréigis an lae inniu. Ba ghearr ann é, agus tar éis dó filleadh ar Pháras chuaigh sé go dtí Londain agus ansin go dtí Baile Átha Cliath. Chaith sé seal i Nua Eabhrac ar an trá fholamh, agus nuair a d’fhill sé ar Pháras fuair sé post mar chomhfhreagraí eachtrach ó Joseph Pulitzer. Chuir sé scéalta abhaile ón Rúis, ón Ungáir agus óna lán tíortha eile.

Timpeall an ama seo phós sé Marie Bray, Meiriceánach a fuair a cuid scolaíochta sa Fhrainc. Bhí suim acu sna cúrsaí cultúir agus polaitíochta céanna.

I dtús na 1900í thosaigh Mac Éanna ag saothrú na Gréigise Clasaicí arís agus é ag smaoineamh ar shaothar Plotinus a aistriú. B’fhealsúnaí Gréagach é siúd a raibh an-spéis ag Mac Éanna ina ndúirt sé faoin ‘Aon’ a tháinig ann roimh gach réaltacht eile. D’éirigh sé as a phost mar chomhfreagraí do Pulitzer ach lean sé air ag scríobh don ‘Freeman’s Journal’. D’éirigh leis freisin an chéad imleabhar de Plotinus, Ennead 1, a chur amach.

Bhí bunús na Gaeilge aige faoin am seo. D’fhreastail sé féin agus Marie ar ranganna de chuid Chonradh na Gaeilge i Londain. I mBaile Átha Cliath rinne sé obair riaracháin don Chonradh agus chruinníodh Gaeilgeoirí i dteach mhuintir Mhic Éanna uair sa tseachtain chun comhrá a dhéanamh. Dúirt Piaras Béaslaí, cara leis, go raibh sé ábálta Gaeilge a labhairt go maith.[1] Bhí ardmheas ag Mac Éanna ar an teanga: ‘A man could do anything in Irish, say and express anything, and do it with an exquisite beauty of sound’.[2] Bhí díomá air gur thug sé faoin teanga go ró-dhéanach chun scríobh go maith inti: ‘I consider it the flaw and sin of my life that I didn't twenty years ago give myself body and soul to the Gaelic to become a writer in it…’[3]

Nuair a thosaigh an Chéad Chogadh Domhanda, shíl sé go ndéanfadh sé díobháil mhór do gach taobh. Tháinig Éirí Amach na Cásca aniar aduaidh air mar a tháinig ar a lán eile, cé go raibh bá aige le náisiúnachas na hÉireann. Níor mhaith leis Conradh Angla-Éireannach 1921, ach ba thrua leis an cogadh cathartha a lean é.

Mheath an tsláinte ar Mhac Éanna agus ar Marie. Cailleadh Marie i 1923 agus chuaigh Mac Éanna chun Sasana ag súil le leigheas. Lean sé air ag aistriú agus ag foilsiú Plotinus agus chuidigh B.S. Page leis ar an imleabhar deireanach agus mar athcheartaitheoir. Faoin am seo bhí droim láimhe tugtha aige go rúnda leis an gCaitliceachas.[4] An taighde a rinne sé ar reiligiúin eile agus ar fhealsúnachtaí eile tharraing sé ar ais go dtí Plotinus é agus go dtí aireachtáil iomach an tsaoil atá inár dtimpeall mar rud atá curtha in iúl ag rud eile nach é. Ba é seo an toradh a bhí ar ‘divine mind at work (or at play) in the universe”.[5]

Bhí sé ar bheagán airgid anois, agus chaith sé deireadh a shaoil i mbothán sa Choirn. Fuair sé bás in ospidéal i Londain i 1934.

In Uiliséas James Joyce deir an leabharlannaí Richard Best: ‘Mallarmé, don't you know, has written those wonderful prose poems Stephen MacKenna used to read to me in Paris’.[6]

Nótaí=[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Cartlann Raidió na Gaeltachta: “Piaras Béaslaí ag caint ar Stiofán Mac Éanna sa bhliain 1956”: 20150831_rteraidion-siulachscealach-silachscal_c20839806_20839808_232_drm_ (1).
  2. Luaite in Dodds, lch 37.
  3. Luaite in Dodds, lch 37.
  4. Dodds, lgh 65-66
  5. Luaite in Dodds, lch 69.
  6. Joyce, James. Ulysses. Sylvia Beach, 1922: caibidil 9, lch 112.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Journal and Letters of Stephen MacKenna, edited with a memoir by E.R. Dodds. London: Constable & Company Ltd, 1936 [1]

The Six Enneads By Plotinus, Written 250 A.C.E., Translated by Stephen Mackenna and B. S. Page: The Internet Classics Archive, http://classics.mit.edu/Plotinus/enneads.html