Stibnít

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Mianra suilfít antamóin, Sb2S3, a fhaightear i bhféitheacha hidriteirmeacha ísealteochta. Dath luaidhe/liath air, agus go minic faightear i bhfoirm criostal fada priosmach í. Príomh-mhianach an antamóin.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Stibnít". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 627.