Steilléadar

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí Ainmhí BheoSteilléadar
Polysticta stelleri Cuir in eagar ar Wikidata

Cuir in eagar ar Wikidata  
Sonraí
Mais58 g (meáchan breithe)
807 g (meáchan fásta) Cuir in eagar ar Wikidata
Meánlíon in ál6.9 Cuir in eagar ar Wikidata
Stádas caomhnaithe
Leochaileach
UICN22680415 Cuir in eagar ar Wikidata
Tacsanomaíocht
For-ríochtEukaryota
RíochtAnimalia
FíleamChordata
AicmeAves
OrdAnseriformes
FineAnatidae
GéineasPolysticta
SpeiceasPolysticta stelleri Cuir in eagar ar Wikidata
(Pallas, 1769)
Ainmníocht
Ainmnithe in ómósGeorg Wilhelm Steller Cuir in eagar ar Wikidata
An chéad ainm Laidine a bhí airAnas stelleri Cuir in eagar ar Wikidata

Is lacha thumthach Artach é an steilléadar[1] (Polysticta stelleri) a phóraíonn ar feadh chóstaí thoir na Rúise agus ar chósta Alasca.

Chuir an tAontas Idirnáisiúnta do Chaomhnú an Dúlra an daonra steilléadar in Alasca ar liosta speiceas leochaileach in 1997.[2] Tá an speiceas faoi chosaint sa Rúis agus sna Stáit Aontaithe, agus tá an tAontas Eorpach agus Seirbhís Iasc agus Fiadhúlra SAM ag obair ar phlean athshlánaithe.[2][3]

Tacsanomaíocht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rinne an nádúraí Gearmánach Peter Simon Pallas cur síos foirmiúil ar an steilléadar in 1769 ó eiseamal a bailíodh ar Leithinis Kamchatka in Oirthear na Rúise. Chum sé an t-ainm déthéarmach Anas stelleri; roghnaigh sé ainm an speicis in ómós an nádúraí Ghearmánaigh Georg Wilhelm Steller.[4][5] Is é an steilléadar an t-aon speiceas amháin sa ghéineas Polysticta a chruthaigh an nádúraí Sasanach Thomas Eyton sa bhliain 1836, agus ní aithnítear aon fhospeiceas.[6][7] Tagann ainm an ghéinis ón tSean-Ghréigis polustiktos a chiallaíonn "an-bhreactha" (ó polus “go leor” agus stiktos “breactha”).[8]

In ainneoin a ainm, níl dlúthbhaint aige leis na trí speiceas eile a dtugtar “éadar” orthu; is baill den ghéineas Somateria iad siúd.[9] Scaradh an steilléadar ó na speicis eile in 1945 mar gheall ar dhifríochtaí iompraíochta agus anatamaíochta.[10] Is é an lacha Labradar (atá díobhaí anois) an speiceas a bhfuil an gaol is dlúithe aige leis an steilléadar.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. “steilléadar” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2024-03-23.
  2. 2.0 2.1 U.S. Fish and Wildlife Service (September 2020). “Steller's Eider Recovery Plan”. U.S. Fish and Wildlife Service. Dáta rochtana: November 10, 2021.
  3. European Union for the Conservation of Nature (1997). “European Species Action Plan for Steller's Eider (Polysticta stelleri)”. European Union for the Conservation of Nature. Dáta rochtana: November 10, 2021.
  4. Pallas (1769). "Spicilegia zoologica : quibus novae imprimis et obscurae animalium species iconibus, descriptionibus atque commentariis illustrantur" (in Latin) 1. Berolini: Prostant apud Gottl. August. Lange. 
  5. "Check-List of Birds of the World" (1979) (2nd ed.) 1. Cambridge, Massachusetts: Museum of Comparative Zoology. 
  6. Gill: “Screamers, ducks, geese & swans”. IOC World Bird List Version 13.1. International Ornithologists' Union (January 2023). Dáta rochtana: 13 April 2023.
  7. Eyton (1836). "A Catalogue of British Birds". London: Longman, Rees, Orne, Brown, Green and Longman. 
  8. Jobling (2010). "The Helm Dictionary of Scientific Bird Names". London: Christopher Helm. ISBN 978-1-4081-2501-4. 
  9. ITIS - Report: Polysticta stelleri”. www.itis.gov. Dáta rochtana: 2021-11-11.
  10. A. (1961-01-01). "The Taxonomy of the Anatidae—A Behavioural Analysis". DigitalCommons@University of Nebraska - Lincoln. OCLC 729247849.