Anatidae

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí Ainmhí BheoAnatidae Cuir in eagar ar Wikidata

gé ghlas Cuir in eagar ar Wikidata
Tacsanomaíocht
For-ríochtEukaryota
RíochtAnimalia
FíleamChordata
AicmeAves
OrdAnseriformes
ForfhineAnatoidea
FineAnatidae Cuir in eagar ar Wikidata
Leach, 1819

Is fine bhitheolaíoch de chuid na n-éan uisce a chuimsíonn lachain, géanna agus ealaí iad na hAnatidae. Tá dáileadh iltíreach ag an fhine, agus faightear iad ar mhór-ranna uile an domhain. Cuirtear na héin seo in oiriúint le haghaidh snámha, snámha ar dhromchla an uisce, agus i roinnt cásanna tumadóireachta in uisce éadomhain ar a laghad. Tá timpeall 174 speiceas san fhine i 43 géineas. (Ní mheastar a thuilleadh go bhfuil an ghé leathphalmatach mar chuid de na hAnatidae, agus tá sé curtha anois ina fhine féin, sé sin na hAnseranatidae. )

De ghnáth bíonn siad luibhiteach, agus is póraitheoirí monagamacha iad. Tugann roinnt speiceas faoi imirce bliantúla. Tá cúpla speiceas ceansaithe don talmhaíocht, agus déantar go leor eile a fhiach le haghaidh bia agus áineasa. Tá cúig speiceas díofa ón bhliain 1600, agus tá go leor eile beagnach díothaithe.

Mallard fireann ag tuirlingt

Tuairisc agus éiceolaíocht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is éin ar mhéideanna éagsúla iad na lachain, na géanna agus na healaí le plean ginearálta colainne a bhíonn leathan agus fadaithe. Ní hionann na speicis thumthacha áfach, bíonn siad níos cruinne. Tá raon na speiceas atá ar marthain i dtomhais éagsúla ó Nettapus coromandelianus, chomh beag le 26.5 cm agus 164 g, go dtí Cygnus buccinator, a oiread agus 183 cm agus 17.2 kg. Tá na sciatháin gearr agus biorach, agus tacaíonn matáin láidre sciatháin leo a ghineann buillí gasta agus iad ar eitilt. De ghnáth, bíonn píoba fada orthu, cé go n-athraíonn sé seo a bheag nó a mhór idir speicis. Tá na crúba gearr, láidir, agus suite i bhfad ar chúl an choirp (níos mó mar sin, sna speicis níos uiscí), agus tá mothú sách righin orthu le huigeacht charrach. Toisc cruth na colainne, bíonn roinnt speiceas amscaí ar thalamh, ach is siúlóirí níos láidre iad ná héin mhara agus uisce eile, amhail na foithighpeadairíní. Is gnách go mbíonn cosa camallacha orthu, cé gur chaill cúpla speiceas, ar nós an néné (Branta sandvicensis), a gcuid uigí. Bíonn na goba déanta as ceiritin bhog, le sraith thanaí agus íogair craiceann ar a bharr (a bhfuil mothú righin uirthi má dhéantar teagmháil léi). I gcás fhormhór na speiceas, is gnách go mbíonn cruth an ghoib níos leacaithe go pointe áirithe. Tá lannóga déadacha iontu seo atá sainmhínithe go maith sna speicis scagbheathaitheacha.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Carboneras, Carles (1992): Family Anatidae (Ducks, Geese and Swans). In: del Hoyo, Josep; Elliott, Andrew & Sargatal, Jordi (eds.): Handbook of Birds of the World (Volume 1: Ostrich to Ducks): 536–629. Lynx Edicions, Barcelona. ISBN 84-87334-10-5