Gé ghlas
| Anser anser | |
|---|---|
Anser anser anser | |
| Taifead | |
| Sonraí | |
| Mais | 160 g 3.692 kg 3.237 kg |
| Réise sciathán | 1.55 m |
| Meánlíon in ál | 4.9 |
| Stádas caomhnaithe | |
| Speiceas is lú imní | |
| AICD | 22679889 |
| Tacsanomaíocht | |
| Aicme | Aves |
| Ord | Anseriformes |
| Fine | Anatidae |
| Treibh | Anserini |
| Géineas | Anser |
| Speiceas | Anser anser (Linnaeus, 1758) |
| Ainmníocht | |
| An chéad ainm Laidine a bhí air | Anas anser |
| Léarscáil de raon an tacsóin | |

Is speiceas é an ghé ghlas[1] d'éin uisce mhóra san fhine Anatidae agus an speiceasthíopa den ghéineas Anser. Tá cluimhreach bhreac agus liath agus bhán-stríocach uirthi agus gob flannbhuí agus cosa bándearga. Is éan mór í, tomhaiseann sé idir 74 agus 91 ceintiméadar ar fhad, le meánmheáchan 3.3 cileagram. Tá a dháileadh forleathan, le héin ó thuaidh dá raon san Eoraip agus san Áise ag dul ar imirce ó dheas chun an geimhreadh a chaitheamh in áiteanna níos teo. Tá sinsearach coiteann aici leis an ghé chlóis, tar éis dó a bheith ceansaithe ar a laghad chomh luath le 1360 RCh. Tagann an t-ainm ghéineas ó 'anser' an fhocal Laidine le haghaidh "gé".[2] Taistealaíonn géanna glasa go dtí a dtailte pórúcháin ó thuaidh san earrach, ag neadú ar mhóinteach, i riasca, timpeall lochanna agus ar oileáin chósta. De ghnáth fanann na géanna ar feadh a saoil agus neadaíonn siad ar an talamh i measc fásra. Leagtar baisc de thrí go cúig ubh; cothaíonn an an baineannach na huibheacha agus déanann an dá thuismitheoir a hál a chosaint agus a thógáil. Fanann na héin le chéile mar fhine, ag dul ar imirce ó dheas san fhómhar mar chuid de thréad, agus ag scaradh an bhliain dár gcionn. I rith an gheimhridh áitíonn siad gnáthóga leath-uisceacha, inbhir, riasca agus páirceanna faoi uisce, ag ithe féir agus ag ithe barr talmhaíoch go minic. Tá roinnt pobal, mar shampla na pobail i nDeisceart Shasana agus i gceantair uirbeacha ar fud raon na speiceas, ina gcónaí go príomha agus sa cheantar céanna ó cheann ceann na bliana.
Tuilleadh léitheoireachta
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Lorenz, Konrad Z. (1991). "Teideal in easnamh ar an lua
Either specify one, or click here and a bot will try to complete the citation details for you. {{{title}}}". Orlando, Florida: Harcourt Brace Jovanovich.
- Wójcik, Ewa (2007). "Teideal in easnamh ar an lua
Either specify one, or click here and a bot will try to complete the citation details for you. {{{title}}}" (PDF). Folia Biol. 55 (1–2): 35–40.
Gailearaí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Athraitheach le uchtbán.
- Ar eitilt
- Ag snámh
- Mionsonra
- Éan de phór measctha idir gé fhiáin agus gé chlóis (A. cygnoides domesticus), mar is léir óna mhuineál tiubh agus a cheann toirtiúil, a bhfuil patrún dílsithe cosúil le póir intíre áirithe acu.
- Doiciméad aitheantais ilchodach
- Ealta ag éirí as uisce.
- Ubh, Bailiúchán ó Mhúsaem Wiesbaden
- Baineann le sicíní.
- Ar Ystad
- Colainn iomlán
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ ““Anser anser” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2023-06-26.
- ↑ Jobling, James A (2010). "The Helm Dictionary of Scientific Bird Names". London: Christopher Helm.
Naisc sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]- BBC Naidheachdan 2016-08-08: Spadadh nan gèadh (aithris-bhideo 2:06 Leòdhas agus na Hearadh)
- https://web.archive.org/web/20170712075411/http://aulaenred.ibercaja.es/wp-content/uploads/63_GreylagGooseAanser.pdf Ageing and sexing (PDF) by Javier Blasco-Zumeta & Gerd-Michael Heinze]
- http://www.rspb.org.uk/birds/guide/g/greylaggoose/index.asp Greylag Goose at RSPB A to Z of UK Birds]
- Teimpléad:InternetBirdCollection
- Greylag Goose pictures Curtha i gcartlann 2019-09-05 ar an Wayback Machine Wildlife Greylag Goose photos- adult with nestlings and voice at nature-pictures.org
- Teimpléad:VIREO
- Léarscáil raoin idirghníomhach de 'Anser anser' ar Liosta Dearg AICD