Jump to content

Staphylococcus aureus frithsheasmhach in aghaidh meiticilline

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Teimpléad:WD Bosca Sonraí GalarStaphylococcus aureus frithsheasmhach in aghaidh meiticilline
cuir in eagar
CineálStaphylococcus aureus Cuir in eagar ar Wikidata
Aicmiú
ICD-11XN4B5 Cuir in eagar ar Wikidata
Acmhainní seachtracha
DiseasesDB12396 Cuir in eagar ar Wikidata
MedlinePlus007261 Cuir in eagar ar Wikidata
eMedicine228816 Cuir in eagar ar Wikidata
MeSHD055624 Cuir in eagar ar Wikidata
UMLS CUIC1265292 Cuir in eagar ar Wikidata
Neutrophil MRSA II

Baictéar de chineál stafalacocais atá tar éis éirí friotaíoch do na gnáthfhrithbheathaigh is ea Staphylococcus aureus frithsheasmhach in aghaidh meiticilline (SAFM). Tugtar Staf Aureus Meiticillinfhriotaíoch sa ghnáthchaint, agus úsáidtear an téarma céanna ar bhaictéir eile atá éirithe friotaíoch (mar shampla Staf aureus vancamaicinfhriotaíoch.).

Iompraíonn formhór na ndaoine an SAFM ar a gcoirp nó ina sróin agus ní chuireann sé isteach orthu. Tugtar “cóilíniú” ar an mbealach seo a n‐iompraíonn daoine an frídín gan aon dochar a dhéanamh. Má éiríonn leis an SAFM dul isteach sa cholainn, faoin gcraiceann, nó sna scamhóga, mar shampla, is féidir go dtarlóidh ionfhabhtú. Má bhíonn duine tinn cheana féin, is mó an chontúirt go dtarlódh seo, go mór mhór dóibh siúd atá san ospidéal de bharr tinneas trom. Tugtar ionfhabhtú “logánach” ar fhormhór na n‐ionfhabhtuithe SAFM, cosúil le neascóidí, easpaí nó créachtaí ionfhabhtaithe. Tá sé éasca iad seo a chóireáil. I líon beag daoine, áfach, is féidir le SAFM a bheith ina chúis le h‐ionfhabhtuithe tromchúiseacha mar seipticéime (“galrú sruth na fola” nó “nimhiú fola”).Tugtar sárfhrídín air sa ghnáthchaint, ach úsáidtear an téarma céanna ar bhaictéir eile atá éirithe friotaíoch (mar shampla tá VRSA ann freisin, Stafalacocas aureus vancamaicinfhriotaíoch).

Iompraíonn formhór na ndaoine an SAFM ar a gcoirp nó ina sróin agus ní chuireann sé isteach orthu. Tugtar “cóilíniú” ar an mbealach seo a n‐iompraíonn daoine an frídín gan aon dochar a dhéanamh. Má éiríonn leis an SAFM dul isteach sa cholainn, faoin gcraiceann, nó sna scamhóga, mar shampla, is féidir go dtarlóidh ionfhabhtú. Má bhíonn duine tinn cheana féin, is mó an chontúirt go dtarlódh seo, go mór mhór dóibh siúd atá san ospidéal de bharr tinneas trom. Tugtar ionfhabhtú “logánach” ar fhormhór na n‐ionfhabhtuithe SAFM, cosúil le neascóidí, easpaícréachtaí ionfhabhtaithe. Tá sé éasca iad seo a chóireáil. I líon beag daoine, áfach, is féidir le SAFM a bheith ina chúis le h‐ionfhabhtuithe tromchúiseacha mar seipticéime (“galrú sruth na fola” nó “nimhiú fola”).

Eipidéimeolaíocht

.

Eipidéimeolaíocht

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is annamh a tharla MRSA roimh na 1980idí, ach anois faightear in an-chuid ospidéal é, agus scaipeann foireann an ospidéil é muna mbíonn a gcleachtadh sláinteachais go maith (is gá dóibh a lámha a ní tar éis tadhaill le hothar agus an timpeallacht iomlán a choinneáil glan).

Bíonn othair áirithe íogair don ionfhabhtú seo is iad lagaithe ag pé galar atá orthu, agus faigheann cuid acu bás uaidh.

Tagann MRSA chun cinn má bhíonn duine ionfhabhtaithe á chóireáil ar bhonn fadtéarmach le frithbheathaigh cosúil le peinicillin. Fásann an fhriotaíocht sa bhaictéar de réir a chéile.

Is féidir an t-ionfhabhtú a tholgadh ó dhuine ionfhabhtaithe eile.

Ba cheart baill foirne a thástáil go rialta féachaint an bhfuil siad ag iompar an bhaictéir, agus úsáid na bhfrithbheathach a shrianadh an oiread agus is féidir.

Rory Gallagher, BÁC, 1980

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. https://www.thefreelibrary.com/Booze+didn%27t+kill+my+brother+Rory,+it+was+the+drugs+to+help+his+fear...-a084782459
  2. Hussey, Matt (2011). "Staphylococcas aureus meiticillinfhriotaíoch". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 624.

Naisc sheachtracha

[cuir in eagar | athraigh foinse]