Staitistic Bose-Einstein
Appearance
I meicnic chandamach staitistiúil, tuairisc ar bhailiúchán cuid mhór bósón neamhidirghníomhaithe. Ainmnithe as an bhfisiceoir Indiach Satyendra Nath Bose (1894-1974), a chomhoibrigh le hEinstein. Slonn atá i ndáileadh Bose-Einstein do rann an fhuinnimh i measc na mbósón, agus is suntasach go dtagann sé i bhfeidhm, mar shampla, le cur síos ar na fótóin i ngníomhú léasair, agus ar fhorshreabhacht héiliam leachtaigh.[1]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Hussey, Matt (2011). "Staitistic Bose-Einstein". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 85.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |