Staidéar cáis rialaithe

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Modh oibre, a úsáidtear go minic sa mhíochaine, chun cúis ghalair a aimsiú is ea staidéar cáis rialaithe.

Mar shampla, maidir le sláinte phoibl, déantar anailís ar dhá ghrúpa, ceann amháin a bhfuil an galar faoi scrúdú orthu, an ceann eile nach bhfuil, féachaint ar nochtaíodh an grúpa ionfhabhtaithe d'oiread níos suntasaí ó thaobh staitistice de ná an grúpa normálta fachtóirí a bhfuil amhras ann gur priacal é don ghalar.

Mar shampla, maidir le caitheamh toitíní is ailse na scamhóg, fuarthas i staidéir mar seo gur mó de stair caitheamh toitíní a bhí ag na daoine a raibh an galar orthu.[1]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Staidéar cáis rialaithe". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 623.