Stachys
Jump to navigation
Jump to search
Tá Stachys ar cheann de na géinis is mó san fhine úd Lamiaceae, grúpa mór plandaí blátha. Meastar idir 300 agus 450 speiceas a bheith sa ghéineas Stachys. Tá taighde le déanamh fós ar na naisc ghéiniteacha eatarthu. Fásann siad san Eoraip, Afraic, Áise, agus Meiriceá Thuaidh.
Áirítear Stachys sylvatica nó an créachtlus, mar eiseamlár tipiciúil an ghéinis. Speiceas eile sa ghéineas ná an lus beatha (Stachys officinalis), leigheas comónta sa Mheánaois san Eoraip.
![]() |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |