Sruth moirtiúlachta

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Sruth ina mbíonn páirteagail moirte crochta san uisce, a ritheann go tapa síos claonán faoin bhfarraige. Meastar gur bealach tábhachtach é chun dríodar tanaí sa bhfarraige a iompar amach sa duibheagán, ag gearradh amach foithreacha lena linn. De réir mar a laghdaíonn a luasanna ar na claontaí séimhe ar na plánaí duibheagánacha, fágann siad dríodair a dtugtar moirtiúlachtaí orthu.