Jump to content

Má aibhéiseach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Plánaí duibheagánacha)
Léaráid d'éiceachóras muirí. Comhfhreagraíonn Crios C don mhá aibhéiseach.

Réimsí an-mhaola de ghrinneall na farraige móire. Go minic síneann siad thar 1,000 km. Faightear iad taobh amuigh d'imill na n-ilchríoch, áit a dtéann dríodar isteach go saor ón talamh. Clúdaíonn siad an-chuid den Aigéan Atlantach is an tAigéan Indiach, ach is tearc iad san Aigéan Ciúin. Léiríonn siad dríodar tiubh de dhríodar ón talamh atá ag réiteach gairbhe an bhunghrinnill. San Aigéan Ciúin tá claiseanna domhaine is stuanna oileán a chuireann bac le scaipeadh an dríodair ó na hilchríocha.[1]

  1. Hussey, Matt (2011). "Plánaí duibheagánacha". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 523.