Sreabhán ceirbreach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí AnatamaíochtSreabhán ceirbreach
Sonraí
Laidin liquor cerebrospinalis
Aitheantóirí
MeSH D002555
TA A14.1.01.203
Acmhainní seachtracha
EB Online science/cerebrospinal-fluid
Téarmaíocht anatamaíoch


I veirteabraigh, tugtar sreabhán ceirbrispíonach ar shreabhán soiléir, gan dath gan phróitéiní, a imshruthaíonn i méadailíní na hinchinne, canáil lárnach chorda an dromlaigh, agus an spás fo-aracnóideach. Tugtar CSF air i mBéarla. Timpeallaíonn sé an inchinn is corda an dromlaigh, agus soláthraíonn tacaíocht mheicniúil is cothaithigh dóibh. I ndaoine, bailítear CSF uaireanta (trí pholladh lumbach) le hanailísiú i gcomhair diagnóise. Má bhíonn farasbarr CSF timpeall inchinn an fhéatais is an naíonáin (trí rótháirgeadh nó bac sa chóras imshruthaithe) tarlaíonn hidriceifileas muna ndéantar é a dhraenáil amach.

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]