Sraith speictreach hidrigine

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
An tsraith speictrim hidriginAn tsraith speictrim hidrigine, ar scála logartamach.

speictream astúcháin na hidrigine adamhaí roinnte i roinnt sraitheanna speictrim, agus tonnfhaid tugtha ag an bhfoirmle Rydberg. Tá na línte speictrim breathnaithe seo de bharr an leictreoin ag aistriú idir dhá leibhéal fuinnimh san adamh. Bhí aicmiú na sraithe de réir fhoirmle Rydberg tábhachtach i bhforbairt na meicnice candamaí. Tá an tsraith speictrim tábhachtach i speictreascópacht réalteolaíoch chun láithreacht hidrigine a bhrath agus chun deargaistrithe a ríomh.

Fisic[cuir in eagar | athraigh foinse]

Aistrithe leictreon agus na tonnfhaid a leanann as hidrigin. Níl na leibhéil fhuinnimh de réir scála.

Is éard atá in adamh hidrigine ná leictreon ata ag gluaiseacht ar fhithis timpeall a núicléas. Mar thoradh ar an bhfórsa leictreamaighnéadach idir an leictreon agus an prótón núicléach bíonn tactar staideanna candamacha don leictreoin, gach ceann acu lena fhuinneamh féin. Léiríodh iad seo i samhail Bohr den adamh hidrigine mar fhithisí ar leith timpeall an núicléas. Ainmnítear gach staid fuinnimh, nó fithis, mar slánuimhir n mar a thaispeántar san fhigiúr. Cuireadh meicnic chandamach in ionad na samhla Bohr ina dhiaidh sin ina bhfuil fithiseach adamhach ag an leictreon seachas fithis, ach d'fhan na leibhéil fuinnimh ceadaithe san adamh hidrigine mar a bhí sa teoiric roimhe seo.

Tarlaíonn astaíochtaí speictrim nuair a aistríonn nó a léimeann leictreon, ó staid fuinnimh níos airde go staid fuinnimh níos ísle. Chun idirdhealú a dhéanamh idir an dá staid, is gnách go n-ainmnítear an staid fuinnimh is ísle mar n′, agus ainmnítear an staid fuinnimh is airde mar n. Freagraíonn fuinneamh fótóin astaithe don difríocht fuinnimh idir an dá staid. Toisc go bhfuil fuinneamh gach staid socraithe, tá an difríocht fuinnimh eatarthu socraithe, agus táirgfidh an t-aistriú fótón leis an bhfuinneamh céanna i gcónaí.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]