Jump to content

Sráid Sheamlas an Éisc

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Geografaíocht PholaitiúilSráid Sheamlas an Éisc

Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh
Map
 53° 20′ 38″ N, 6° 16′ 12″ O / 53.3439°N,6.27°W / 53.3439; -6.27
Logainm.ie1383601
plaic chuimhneacháin

Is sráid suite i mBaile Átha Cliath í Sráid Sheamlas an Éisc[1] (nó Fishamble Street).[2]

Síltear gurb í Sráid Sheamlas an Éisc an tsráid is sine i mBaile Átha Cliath. Is í an tsráid ar ar reáchtáladh an chéad taibhiú de 'Messiah' Georg Friedrich Händel i mí Aibreáin 1742, ceann de na saothair chórúla is aitheanta ar domhan. Bhí cóir ardeaglaise Ardeaglais Naomh Pádraig agus Theampall Chríost in ard a ngutha, fad is a bhí an t-orgán á sheinm ag an gcumadóir féin. Bhailigh beagnach 700 duine isteach sa Halla Ceoil. Cuireadh in iúl roimh ré gur cheart do mhná gúnaí gan fonsaí orthu a chaitheamh ionas go mbeadh dóthain spáis sa halla.

Bhí Ard-Oifig an Phoist suite ar Shráid Sheamlas an Éisc ó 1689 ar dtús. Tá an teach tábhairne Darkey Kelly’s, Sráid Sheamlas an Éisc lonnaithe ag barr na sráide.

Kennan & Sons Ltd., Iron works, 1967

Tá cuid den eolas seo bunaithe ar chomharthaí an Dubline.

  1. Sráid Sheamlas an Éisc/Fishamble Street | logainm.ie” (ga). Bunachar Logainmneacha na hÉireann (Logainm.ie). An Coimisiún Logainmneacha. Dáta rochtana: 2023-06-22.
  2. "Sráid Sheamlas an Éisc/Fishamble Street" (ga). Logainm.ie. Dáta rochtana: 2019-04-13.