Spéirthumadóireacht
Cuma
Cineál | eitlíocht agus spórt aeir |
---|
Is éard is spéirthumadóireacht[1] ann ná titim go saor ó aerárthach go dtí airde timpeall 600 m, agus uaidh sin titim le paraisiút chun teacht i dtír.
Uaireanta, déanann an parasiútaí cleasanna le linn na saorthitime. Uaireanta eile in imeachtaí foirne, déanann an fhoireann patrúin éagsúla ag coinneáil greim láimhe ar a chéile.
Mar spórt, titeann an t-iomaitheoir go saor faoin domhantarraingt trí 1,000 m nó mar sin roimh oscailt an pharaisiúit, de ghnáth timpeall 750 m in airde.
Bíonn an t-iomaitheoir ag iarraidh tuirlingt taobh istigh d'fhairsinge réamhshocraithe targaide. Aerloingseoir Francach, André-Jacques Garnerin (1769-1823), a rinne an chéad tuirlingt le paraisiút i bPáras i 1787 tar éis a bheith scaoilte as balún.[2]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ ““spéirthumadóireacht” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2024-05-04.
- ↑ Hussey, Matt (2011). "Spéirthumadóireacht". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 618.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol a bhaineann le spórt é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |