Spitzenkandidat

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Don chéad uair, roimh thoghchán 2014 ainmníodh iarrthóirí uachtaránachta. Chuir sé sin ar a gcumas cláir toghcháin a chur i láthair agus dul i mbun feachtais ar son an phoist (tá bus feachtais EPP Jean-Claude Juncker léirithe).

Is éard is Spitzenkandidat ( Gearmáinis : príomh-iarrthóir ) ann ná an modh chun rogha Uachtarán an Choimisiúin a nascadh le toradh thoghcháin Pharlaimint na hEorpa, trí gach Príomhpháirtí Polaitiúil Eorpach (Ní Grúpaí polaitiúla Pharlaimint na hEorpa) a bheith ag ainmniú a n-iarrthóir d’Uachtarán an Choimisiúin roimh thoghcháin na Parlaiminte. Bheadh sainordú ansin ag Spitzenkandidat, sé sin an páirtí is mó (nó an té atá in ann tacaíocht ó chomhrialtas tromlaigh a fháil) glacadh le hUachtaránacht an Choimisiúin. Reáchtáladh an próiseas seo den chéad uair in 2014, agus chuir cuid de chomhaltaí na Comhairle Eorpaí in aghaidh a dhlisteanachta (agus vótáil Príomh-Airí na Ríochta Aontaithe agus na hUngáire i gcoinne ainmniúchán Ghrúpa Pháirtí an Phobail Eorpaigh (PPE) ó Spitzenkandidat Jean Claude Juncker (féach thíos)).

Cúlra[cuir in eagar | athraigh foinse]

De réir na gconarthaí, is í an Chomhairle Eorpach a ainmníonn uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh. Go dtí 2004, bhí an t-ainmniúchán seo bunaithe ar chomhdhearcadh neamhfhoirmiúil d'iarrthóir coiteann. Sa bhliain 2004, áfach, dhiúltaigh Grúpa Pháirtí an Phobail Eorpaigh (na lárnaigh dheasacha) don chur chuige comhthola, roimh chruinniú na Comhairle Eorpaí, agus bhrúigh an PPE José Manuel Barroso ar aghaidh.[1] Ba é an cur chuige a bhí ag rialtais náisiúnta ná na poist ardphróifíle éagsúla a cheapadh in institiúidí an AE (uachtarán na Comhairle Eorpaí, Ard-Rúnaí/Ardionadaí agus mar sin de) agus iad á roinnt dá réir ar línte geografacha, polaitiúla agus inscne. D'fhág sé sin freisin go raibh figiúirí measartha neamhshuaithinseachta ann i gcásanna áirithe, mar sheachain sé iarrthóirí a raibh naimhde déanta acu de roinnt rialtas náisiúnta nó a measadh a d'fhéadfadh dúshlán a thabhairt don chomhairle nó do bhallstáit áirithe.[2]

Arteagal 17.7[cuir in eagar | athraigh foinse]

Méadaigh míshuaimhneas faoin chumhacht rúnda a bhí i gceist leis na ceapacháin seo, rud a d'fhág go raibh fonn ar phróiseas níos daonlathaí a chur i bhfeidhm. Ag deireadh 2009, tháinig Conradh Liospóin i bhfeidhm. Leasaíodh Airteagal 17.7, faoi cheapachán Uachtarán an Choimisiúin, sa Chonradh ar an Aontas Eorpach, ionas go mbeadh an fhoclaíocht "agus na toghcháin do Pharlaimint na hEorpa á gcur san áireamh" san áireamh.Ceaptar Coimisiún nua trí nós imeachta dhá chéim.


Ceapachán Uachtarán agus Choimisinéirí an Choimisiúin Eorpaigh. Mar riail ghinearálta, déantar an Coimisiún Eorpach a athnuachan gach 5 bliana i gcomhréir le timthriall na dtoghchán do Pharlaimint na hEorpa.

Ceaptar Coimisiún nua trí nós imeachta dhá chéim.

1.Uachtarán an Choimisiúin (Uachtarán toghaí) a cheapadh. Faoi mhír 7 d’Airteagal 17 den Chonradh ar an Aontas Eorpach, molann an Chomhairle Eorpach (Cinn Stáit nó Rialtais), agus torthaí na dtoghchán do Pharlaimint na hEorpa á gcur san áireamh agus ag gníomhú di trí thromlach cáilithe, iarrthóir d’Uachtarán an Choimisiúin. Toghtar an t-iarrthóir sin le vóta tromlaigh na Parlaiminte ansin. Mura mbaintear an tromlach sin amach sa Pharlaimint, ní mór don Chomhairle Eorpach, ag gníomhú di trí thromlach cáilithe, iarrthóir nua a mholadh – laistigh de mhí amháin – a bheidh le toghadh ag an bParlaimint de réir an nós imeachta chéanna.

2.Coimisinéirí a cheapadh. Glacann Comhairle an Aontais Eorpaigh, i gcomhaontú le hUachtarán toghaí an Choimisiúin, liosta Coimisinéirí ainmnithe bunaithe ar mholtaí ó Bhallstáit an Aontais Eorpaigh. Ansin, mar chomhlacht, tá an tUachtarán, Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála agus comhaltaí eile an Choimisiúin faoi réir vóta um thoiliú ag an bParlaimint. Ar bhonn an toilithe sin, is í an Chomhairle Eorpach, ag gníomhú di trí thromlach cáilithe, a cheapann an Coimisiún ina dhiaidh sin.

I gcás ina n-éireoidh an Coimisiún as oifig le linn a théarma oifige 5 bliana, ceaptar Coimisiún nua tríd an nós imeachta céanna a úsáid.Coimisinéirí a cheapadh. Glacann Comhairle an Aontais Eorpaigh, i gcomhaontú le hUachtarán toghaí an Choimisiúin, liosta Coimisinéirí ainmnithe bunaithe ar mholtaí ó Bhallstáit an Aontais Eorpaigh. Ansin, mar chomhlacht, tá an tUachtarán, Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála agus comhaltaí eile an Choimisiúin faoi réir vóta um thoiliú ag an bParlaimint. Ar bhonn an toilithe sin, is í an Chomhairle Eorpach, ag gníomhú di trí thromlach cáilithe, a cheapann an Coimisiún ina dhiaidh sin.

I gcás ina n-éireoidh an Coimisiún as oifig le linn a théarma oifige 5 bliana, ceaptar Coimisiún nua tríd an nós imeachta céanna a úsáid. [3]

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

DEN CHONRADH AR AN AONTAS EORPACH AGUS DEN CHONRADH AR FHEIDHMIÚ AN AONTAIS EORPAIGH (2012/C 326/01) ]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. "Five lessons from the "Spitzenkandidaten" European Parliament campaign".
  2. "Time for the Spitzenkandidat to die". Politico.
  3. Ceapachán Uachtarán agus Choimisinéirí an Choimisiúin Eorpaigh