An difríocht idir athruithe ar: "Scitsibhéascna"

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Content deleted Content added
No edit summary
Úsáid an t-alt anseo. Tá "Meiriceá" deimhnitheach i "Béarla Mheiriceá" agus mar sin níl an t-alt ceadaithe ansin, ach tá sé de dhíth roimh "Béarla Coiteann Afrai-Mheiriceánach". Maidir le "leichte", ní thuigfeadh aon duine (mé féin san áireamh) é.
Líne 3: Líne 3:
Is éard atá i gceist leis an scitsibhéascna ná go bhfuil níos mó ná aon norm amháin ar fáil don phobal teanga agus nach bhfuil na cainteoirí cinnte cé acu norm ba chóir dóibh a úsáid leis an teanga a mhúnlú air. Mar shampla, tá cuid de lucht labhartha na Gaeilge barúlach go mba chóir dóibh cloí leis an gCaighdeán Oifigiúil, cuid eile den tuairim gurbh fhearr dóibh aithris a dhéanamh ar sheanchanúint a réigiúin nó a nGaeltachta féin, fiú nuair nach ionann gramadach na canúna agus gramadach an Chaighdeáin.

Mar shampla eile: [[an Fhraincis]] chaighdeánach agus [[Criól Fraincise Háítí]] agus [[Béarla Mheiriceá|Béarla Caighdeánach Mheiriceá]] seachas [[Béarla Coiteann Afrai-Mheiriceánach]]. Sna cásanna seo, feictear go bhfuil ceann amháin “dona” agus b’fhéidir go mbeadh a chainteoir ag iarraidh roinnt úsáidí a “cheartú” agus leas a bhaint as roinnt roghanna níos measúla. Is gnách go gcuireann na dearcaí diúltacha sin náire ar na cainteoirí faoi [[ Úsáid (teanga)|úsáid teanga]] nach léiríonn gradam, go hoscailte nó go hindíreach, trí leas a bhaint as shaintréithe teanga, amhail fhuaimniú na leichte eile.<ref>{{citation|url=|teideal =''Problems of Linguistic Insecurity in Multicultural Speech Contexts''|publisher = Annals of the New York Academy of Sciences |author= Wilma Bucci | author2=Milton Baxter|date= December 1984}}</ref>
Mar shampla eile: [[an Fhraincis]] chaighdeánach agus [[Criól Fraincise Háítí]] agus [[Béarla Mheiriceá|Béarla Caighdeánach Mheiriceá]] seachas an [[Béarla Coiteann Afrai-Mheiriceánach]]. Sna cásanna seo, feictear go bhfuil ceann amháin de na teangacha go “dona”, is é sin nach teanga "cheart" í, agus ansin is iomaí cainteoir a bheadh ag iarraidh a theanga a cheartú agus a fhorcheartú agus teilgeanacha cainte nó tréithe gramadaí as an leagan "íseal" den teanga a sheachaint. Is gnách go gcuireann dearcadh diúltach ar an ngnáthurlabhra náire ar na cainteoirí faoi [[Úsáid (teanga)|chineálacha úsáide teanga]] nach bhfuil gradam ag roinnt leo, go hoscailte nó go hindíreach, trí leas a bhaint as saintréithe teanga a bhfuil meas an phobail orthu, amhail fhuaimeanna an leagain "ardchéime" den teanga.<ref>{{citation|url=|teideal =''Problems of Linguistic Insecurity in Multicultural Speech Contexts''|publisher = Annals of the New York Academy of Sciences |author= Wilma Bucci | author2=Milton Baxter|date= December 1984}}</ref>

Leagan ó 06:49, 31 Iúil 2020

Téarma sochtheangeolaíochta é scitsibhéascna a thagraíonn don éiginnteacht faoin gcaighdeán nó faoin norm ceart teanga i bpobal teanga. Ba é an teangeolaí Ioruach-Mheiriceánach Einar Haugen a chruthaigh an téarma Béarla schizoglossia thiar sa bhliain 1962[1] ; is dócha gurbh í Bríd Ní Mhóráin a bhain an chéad úsáid as an leagan Gaeilge scitsibhéascna sa leabhar Thiar sa Mhainistir atá an Ghaelainn bhreá - Meath na Gaeilge in Uíbh Rathach (An Sagart, an Daingean 1997).

Is éard atá i gceist leis an scitsibhéascna ná go bhfuil níos mó ná aon norm amháin ar fáil don phobal teanga agus nach bhfuil na cainteoirí cinnte cé acu norm ba chóir dóibh a úsáid leis an teanga a mhúnlú air. Mar shampla, tá cuid de lucht labhartha na Gaeilge barúlach go mba chóir dóibh cloí leis an gCaighdeán Oifigiúil, cuid eile den tuairim gurbh fhearr dóibh aithris a dhéanamh ar sheanchanúint a réigiúin nó a nGaeltachta féin, fiú nuair nach ionann gramadach na canúna agus gramadach an Chaighdeáin.

Mar shampla eile: an Fhraincis chaighdeánach agus Criól Fraincise Háítí agus Béarla Caighdeánach Mheiriceá seachas an Béarla Coiteann Afrai-Mheiriceánach. Sna cásanna seo, feictear go bhfuil ceann amháin de na teangacha go “dona”, is é sin nach teanga "cheart" í, agus ansin is iomaí cainteoir a bheadh ag iarraidh a theanga a cheartú agus a fhorcheartú agus teilgeanacha cainte nó tréithe gramadaí as an leagan "íseal" den teanga a sheachaint. Is gnách go gcuireann dearcadh diúltach ar an ngnáthurlabhra náire ar na cainteoirí faoi chineálacha úsáide teanga nach bhfuil gradam ag roinnt leo, go hoscailte nó go hindíreach, trí leas a bhaint as saintréithe teanga a bhfuil meas an phobail orthu, amhail fhuaimeanna an leagain "ardchéime" den teanga.[2]

Féach freisin

  • Leithcheal ar bhonn canúna
  • Imní faoi theanga iasachta - an easpa muiníne agus suaimhnis ag neach a bhíonn ag foghlaim nó ag úsáid teanga iasachta

Tagairtí

  1. Einar Haugen (1962) Schizoglossia and the Linguistic Norm Monograph Series on Languages and Linguistics Ollscoil Georgetown. Eagrán 15-1962
  2. Wilma Bucci; Milton Baxter (December 1984), Annals of the New York Academy of Sciences {{citation}}: Missing or empty |title= (cabhair); Unknown parameter |teideal= ignored (cabhair)

Léitheoireacht ghaolmhar

  • Einar Haugen (1972) The Ecology of Language (Stanford University Press)