An difríocht idir athruithe ar: "Pocahontas"

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Content deleted Content added
No edit summary
No edit summary
Líne 4: Líne 4:
Ghabh na Sasanaigh Pocahontas le linn coimhlint idir iadsan agus hIndiaidh sa bhliain 1613, agus chuir ar fuascailt í. Agus í braighdeanas, chuaigh sí leis an g[[Críostaíocht]] agus ghlac sí an t-ainm Rebecca. Nuair a cuireadh saor í dul ar ais chuig a pobal féin, chinn sí ar fanacht leis na Sasanaigh. I mí Aibeáin na bliana 1614, phós sí [[John Rolfe]], plandálaí tobaca, agus i mí Eanáir sa bhliain 1615, rug sí a mac, Thomas Rolfe.<ref name="Stebbins 2010">{{Cite web|url = http://www.nps.gov/jame/learn/historyculture/pocahontas-her-life-and-legend.htm|teideal = Pocahontas: Her Life and Legend|accessdate = April 7, 2015|website = National Park Service|publisher = U.S. Department of the Interior|last = Stebbins|first = Sarah J|date=August 2010}}</ref>
Ghabh na Sasanaigh Pocahontas le linn coimhlint idir iadsan agus hIndiaidh sa bhliain 1613, agus chuir ar fuascailt í. Agus í braighdeanas, chuaigh sí leis an g[[Críostaíocht]] agus ghlac sí an t-ainm Rebecca. Nuair a cuireadh saor í dul ar ais chuig a pobal féin, chinn sí ar fanacht leis na Sasanaigh. I mí Aibeáin na bliana 1614, phós sí [[John Rolfe]], plandálaí tobaca, agus i mí Eanáir sa bhliain 1615, rug sí a mac, Thomas Rolfe.<ref name="Stebbins 2010">{{Cite web|url = http://www.nps.gov/jame/learn/historyculture/pocahontas-her-life-and-legend.htm|teideal = Pocahontas: Her Life and Legend|accessdate = April 7, 2015|website = National Park Service|publisher = U.S. Department of the Interior|last = Stebbins|first = Sarah J|date=August 2010}}</ref>


Sa bhliain 1616, thaistil Pocahontas agus John Rolfe go [[Londain]]. Cuireadh Pocahontas in aithne do na daoine móra ansin mar shampla de Indiach "sibhialta" agus súil ag cuid de lucht Jamestown infheistíocht a spreagadh sa choilíneacht acu. Bhí tóir uirthi, caitheadh léi go fial galánta agus bhí sí i láthair ag ''masque'' (bál) sa phalás Whitehall. I 1617, chuir na Rolfes chun na Farraige ar a mbealach ar ais go Virginia, ach fuair Pocahontas bás in [[Gravesend]] ar chúis anaithnid. Cuireadh i reilig in Gravesend, nach bhfuil 'fhios go díreach cén áit.<ref name="Stebbins 2010"/>
Sa bhliain 1616, thaistil Pocahontas agus John Rolfe go [[Londain]]. Cuireadh Pocahontas in aithne do na daoine móra ansin mar shampla de Indiach "sibhialta" agus súil ag cuid de lucht Jamestown infheistíocht a spreagadh sa choilíneacht acu. Bhí tóir uirthi, caitheadh léi go fial galánta agus bhí sí i láthair ag ''masque'' (bál) sa phalás Whitehall. I 1617, chuir na Rolfes chun na Farraige ar a mbealach ar ais go Virginia, ach fuair Pocahontas bás in [[Gravesend]] ar chúis anaithnid. Cuireadh in eaglais an pharóiste in Gravesend ach chuaigh an eaglais le tine timpeall 1727, agus níl 'fhios go díreach cá bhfuil a huaigh anois.<ref name="Stebbins 2010"/>






Leagan ó 04:36, 22 Meán Fómhair 2016

Pocahontas, portráid le Simon van de Passe, 1616

Bean Meiriceánach Dúchasach ab ea Pocahontas (a rugadh mar Matoaka agus a thugtaí Amonate uirthi freisin; t. 1596 – 1617) a chuimhnítear mar gheall ar an gcaidreamh idir ise agus Jamestown, an lonnaíocht Shasanach in Virginia a bunaíodh sa bhliain 1607.[1][2][3] Iníon le Powhatan í, ardtaoiseach[1] ar ghréasán de náisiúin chíosacha sa Tsenacommacah, ceantar na n-uiscí taoide in Virginia. I scéal traidisiúnta cáiliúil a deirtear faoi Pocahontas agus John Smith, tharrtháil sí é sa bhliain 1607 agus a hathair ar tí Smith a mharú lena lorga cogaidh. Smith féin a dúirt an scéal, ach ceapann roinnt staraithe nach scéal fíor é.[4]

Ghabh na Sasanaigh Pocahontas le linn coimhlint idir iadsan agus hIndiaidh sa bhliain 1613, agus chuir ar fuascailt í. Agus í braighdeanas, chuaigh sí leis an gCríostaíocht agus ghlac sí an t-ainm Rebecca. Nuair a cuireadh saor í dul ar ais chuig a pobal féin, chinn sí ar fanacht leis na Sasanaigh. I mí Aibeáin na bliana 1614, phós sí John Rolfe, plandálaí tobaca, agus i mí Eanáir sa bhliain 1615, rug sí a mac, Thomas Rolfe.[5]

Sa bhliain 1616, thaistil Pocahontas agus John Rolfe go Londain. Cuireadh Pocahontas in aithne do na daoine móra ansin mar shampla de Indiach "sibhialta" agus súil ag cuid de lucht Jamestown infheistíocht a spreagadh sa choilíneacht acu. Bhí tóir uirthi, caitheadh léi go fial galánta agus bhí sí i láthair ag masque (bál) sa phalás Whitehall. I 1617, chuir na Rolfes chun na Farraige ar a mbealach ar ais go Virginia, ach fuair Pocahontas bás in Gravesend ar chúis anaithnid. Cuireadh in eaglais an pharóiste in Gravesend ach chuaigh an eaglais le tine timpeall 1727, agus níl 'fhios go díreach cá bhfuil a huaigh anois.[5]


Matoaka Whittle Sims sa bhliain 1844. Ba de shliocht Pocahontas í ar thaobh a mháthar agus a athar araon

Tagairtí

  1. 1.0 1.1 "A Guide to Writing about Virginia Indians and Virginia Indian History".
  2. Karenne Wood, ed., The Virginia Indian Heritage Trail, Charlottesville, VA: Virginia Foundation for the Humanities, 2007.
  3. "Pocahontas". Historic Jamestowne.
  4. National Museum of the American Indian (2007). "Do All Indians Live in Tipis? Questions & Answers from the National Museum of the American Indian". New York: HarperCollins. 
  5. 5.0 5.1 "Pocahontas: Her Life and Legend".