An difríocht idir athruithe ar: "Líonra achair fhairsing"

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Nmacu (plé | dréachtaí)
Leathanach nua: Séard is '''Líonra Fairsing''' (''Wide Area Network (WAN)'' i mBéarla) ann ná líonra ríomhairí a shíneann thar achar mór, ar nós cathair, tír nó an domhan. Úsáidte...
 
m Athainmníodh Líonra fairsing mar Líonra achair fhairsing: ainm níos minicí; scrúdaigh le Google, m.sh.
(No difference)

Leagan ó 15:02, 19 Feabhra 2007

Séard is Líonra Fairsing (Wide Area Network (WAN) i mBéarla) ann ná líonra ríomhairí a shíneann thar achar mór, ar nós cathair, tír nó an domhan. Úsáidtear líonraí fairsinge le líonraí logánta a nascadh le chéile ionas gur féidir le daoine agus ríomhairí ag suíomh amháin teagmháil a dhéanamh le daoine agus ríomhairí ag suíomh eile. Is é an t-Idirlíon an líonra fairsing is mó ar domhan agus tá sé poiblí. Is minic a chruthaítear líonraí fairsinge d'eagraíocht amháin agus coinnítear príobháideach iad.

Ceangal

Ceanglaítear líonraí fairsinge go minic ag úsáid línte léasaithe. Bíonn ródaire ar an dá thaobh den líne léasaithe a cheanglaíonn taobh amháin den líne leis an LAN agus an taobh eile leis an WAN. Is féidir le línte léasaithe a bheith an-daor. In ionad línte léasaithe, is féidir WAN a cheangal trí mhodhanna lasctha paicéid nó trí mhodhanna ciorcadlasctha.

Prótacail

Is iad seo a leanas roinnt de na prótacail is tábhachtaí a bhíonn i bhfeidhm thar WAN: