An difríocht idir athruithe ar: "Vicipéid na Seapáinise"

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Content deleted Content added
Leathanach cruthaithe le 'An leagan Seapáinise den chiclipéid phoiblí ilteangach ''Vicipéid'' is ea '''Vicipéid na Seapáinise''' (Seapáinis: '' ウィキペディア日本語版 Wiki...'
(No difference)

Leagan ó 04:48, 31 Nollaig 2014

An leagan Seapáinise den chiclipéid phoiblí ilteangach Vicipéid is ea Vicipéid na Seapáinise (Seapáinis: ウィキペディア日本語版 Wikipedia Nihongo-ban). Bhí an tSeapáinis ar na chéad trí leaganacha a tháinig ar an saol i ndiaidh Vicipéid an Bhéarla i mí Márta, 2001. (An Ghearmáinis agus an Chatalóinis an chéad agus an an dara leagan.) Cuireadh ar siúl í i Meán Fómhair na bliana 2002, agus bhí 200,000 alt acu faoi mí Aibreáin, 2006, agus leathmhilliún alt i mí an Mheithimh, sa bhliain 2008. Ag deireadh na bliana 2014, bhí breis is 940,000 alt i Vicipéid na Seapáinise.

Rud suntasach maidir le Vicipéid na Seapáinise ná an méid athruithe a dhéanann eagarthóirí neamhchláraithe gan ainm ann, i gcomparáid le Vicipéidí eile (46% sa bhliain 2006, I gcompar38% faoi láthair).[1] Dar le Andrew Lih , is é cultúr an Idirlín sa tSeapáin is cúis leis sin, go háirithe tionchar 2Channel (2ch), córas clár plé ina mbíonn a lán Seapánach páirteach ann gan úsáid a bhaint as a n-ainmneacha.[2] Tá an-bhéim ar an bpopchultúr ar Vicipéid na Seapáinise—de réir alt ar The New York Times, ní bhaineann ach 20% de na hailt le haon rud eile.[3]

Tagairtí

  • Lih, Andrew. The Wikipedia Revolution: How a Bunch of Nobodies Created the World's Greatest Encyclopedia. Hyperion Books, Nua-Eabhrac, 2009. Chéad eagrán. ISBN 978-1-4013-0371-6.

Nótaí

  1. [1] Wikimedia statistics Japanese, arna rochtain ar 30 Nollaig 2014
  2. Lih, lch. 145,
  3. Wikipedia Looks Hard at Its Culture, August 30, 2009, NYTimes.com

Naisc sheachtracha

Vicipéid na Seapáinise