An difríocht idir athruithe ar: "Domhnach na Fola (1972)"

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Content deleted Content added
m Róbat: Athruithe cosmaideacha
mNo edit summary
Líne 1: Líne 1:
[[Íomhá:Dsc1877ne2.jpg|thumb|260px|Doire: ''Domhnach na Fola'']]
[[Íomhá:Dsc1877ne2.jpg|thumb|260px|Balla i n[[Doire]]: ''Domhnach na Fola'']]
Is éard a bhí i gceist le '''Domhnach na Fola''' ('''Bloody Sunday''' sa Bhéarla) ná eachtra a tharla i n[[Doire]] i d[[Tuaisceart Éireann]] ar an [[30 Eanáir]], [[1972]]. Lámhaigh saighdiúirí de chuid na Breataine 26 duine agus iad ag máirseáil i d[[Taobh an Phortaigh]], ar son Chearta Sibhialta. Cailleadh 14 de na daoine seo.
Is éard a bhí i gceist le '''Domhnach na Fola''' ('''Bloody Sunday''' sa Bhéarla) ná eachtra a tharla i n[[Doire]] i d[[Tuaisceart Éireann]] ar an [[30 Eanáir]], [[1972]]. Lámhaigh saighdiúirí de chuid na Breataine 26 duine agus iad ag máirseáil i d[[Taobh an Phortaigh]], ar son chearta sibhialta. Cailleadh 14 de na daoine seo.


== Eachtraí an lae ==
== Eachtraí an lae ==

Leagan ó 17:32, 9 Aibreán 2014

Balla i nDoire: Domhnach na Fola

Is éard a bhí i gceist le Domhnach na Fola (Bloody Sunday sa Bhéarla) ná eachtra a tharla i nDoire i dTuaisceart Éireann ar an 30 Eanáir, 1972. Lámhaigh saighdiúirí de chuid na Breataine 26 duine agus iad ag máirseáil i dTaobh an Phortaigh, ar son chearta sibhialta. Cailleadh 14 de na daoine seo.

Eachtraí an lae

Cathlán den Parachute Regiment faoin Leifteanant-choirnéal Derek Wilford agus an Captaen Mike Jackson a bhí i mbun na hoibríochta seo. Fuair triúr déag bás (seisear dóibh faoi ocht mbliana déag d'aois), ar an bpointe, agus duine eile 4½ mí níos déanaí de bharr a bheith gortaithe ar an lá seo. Gortaíodh beirt agóidigh nuair a bhuail gluaisteáin de chuid an airm iad. Ní raibh airm ar bith ag éinne de na 26 duine nuair a scaoileadh leo. Piléir sa droim a ghortaigh cúigear díobh.

Fiosrúcháin

Tá dhá fhiosrúchán déanta ag rialtas na Breataine:

  • Fiosrúchán Widgery, a rinneadh láithreach: dúirt sé go raibh na saighdiúirí neamhchiontach, níor thug mórán daoine aird nó meas air.
  • Fiosrúchán Saville; 1998 - 2010: dúirt go raibh siad ciontach. Ghlac rialtas na Breataine leis an toradh seo.

Tábhacht

Dhá bhliain roimhe seo a thosaigh feachtas na Sealadach ach tháinig borradh agus fás air mar thoradh ar eachtrai an lae seo. Tá Domhnach na Fola ar ceann de na heachtraí is tábhachtaí i stair na dna Trioblóidí i dTuaisceart Éireann: anois bhí arm na Breataine páirteach sna heachtraí agus fuair muintir na tíre amach faoin eachtra go héasca tríd na meán chumarsáide.

Naisc

Teimpléad:Nasc AR