An difríocht idir athruithe ar: "Diarmaid Ó Donnabháin Rosa"
m Bot: Migrating 3 interwiki links, now provided by Wikidata on d:q1785569 (translate me) |
m File renamed: File:Jodonovanrossa.jpeg → File:Jeremiah O'Donovan Rossa.jpg this man's name is Jeremiah, not Jo |
||
Líne 1: | Líne 1: | ||
[[Íomhá: |
[[Íomhá:Jeremiah O'Donovan Rossa.jpg|thumb|deas|170px|Diarmaid Ó Donnabháin Rossa]] |
||
Ba réabhlóidí [[Éire]]annach as Iarthar [[Contae Chorcaí|Chorcaí]] é '''Diarmaid Ó Donnabháin Rossa''' ([[10 Meán Fómhair]],{{fíoras}} [[1831]] - [[29 Meitheamh]], [[1915]]), nó '''Jeremiah O'Donovan Rossa''' as [[Béarla]]. |
Ba réabhlóidí [[Éire]]annach as Iarthar [[Contae Chorcaí|Chorcaí]] é '''Diarmaid Ó Donnabháin Rossa''' ([[10 Meán Fómhair]],{{fíoras}} [[1831]] - [[29 Meitheamh]], [[1915]]), nó '''Jeremiah O'Donovan Rossa''' as [[Béarla]]. |
Leagan ó 15:46, 17 Samhain 2013
Ba réabhlóidí Éireannach as Iarthar Chorcaí é Diarmaid Ó Donnabháin Rossa (10 Meán Fómhair,[fíoras?] 1831 - 29 Meitheamh, 1915), nó Jeremiah O'Donovan Rossa as Béarla.
Saol
Ba é a bhunaigh Cumann an Fhéinics, gluaiseacht cheannairceach Éireannach (1858) as ar fhás Bráithreachas na Poblachta níos déanaí. Cuireadh i bpríosún é go minic mar gheall ar an mbaint a bhí aige le gluaiseacht na bhFiníní, agus díbríodh as Éirinn é faoi dheireadh in 1871.
Chuir sé faoi i Nua-Eabhrac agus ba é a d'eagraigh na feachtais bhuamála i gcoinne chathracha Shasana a mhair ar feadh roinnt blianta. Rinne rialtas na Breataine iarracht é a eiseachadadh ach níor éirigh leo. Lámhach bean Shasanach, Yseult Dudley, é in 1885 lasmuigh dá oifig in aice le Broadway, ach tháinig sé slán. Chreid a lucht leanúna gur ar ordú ó Rialtas na Breataine a rinne sí an t-ionsaí seo.
Tugadh cead do Ó Donnabháin filleadh ar Éirinn i 1894, agus aris i 1904. Rinne "Saoránach" de chathair Chorcaí de i 1904, rud a léirigh go raibh tacaíocht mhór aice ina cheantar dúchais. D'fhill sé ar Mheiriceá agus bhí sé an-tinn sna blianta deireanacha dá shaol. D'éag sé in ospidéal in Oileán Staten ar an 22 Meitheamh 1915.
Oidhreacht
Ba mhór an tábhacht shiombalach a bhain lena thórramh. Tugadh a chorp ar ais go hÉirinn agus cuireadh é i Reilig Ghlas Naíon. Bhí Éirí Amach na Cásca á bheartú ag an am agus d'úsáid Bráithreachas na Poblachta an ócáid chun an náisiúnachas a ghríosadh sa phobal. Ba é Pádraig Mac Piarais a thug an óráid os cionn uaighe, ceann de na hóráidí ba cháiliúla i stair na hÉireann.
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |