An difríocht idir athruithe ar: "Inis Córthaidh"

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Content deleted Content added
ZéroBot (plé | dréachtaí)
m r2.7.1) (róbat ag suimiú: it:Enniscorthy
TjBot (plé | dréachtaí)
m r2.7.2) (róbat ag suimiú: ka:ენისკორტი
Líne 62: Líne 62:
[[id:Enniscorthy]]
[[id:Enniscorthy]]
[[it:Enniscorthy]]
[[it:Enniscorthy]]
[[ka:ენისკორტი]]
[[nl:Enniscorthy]]
[[nl:Enniscorthy]]
[[no:Enniscorthy]]
[[no:Enniscorthy]]

Leagan ó 20:33, 6 Márta 2013

Teimpléad:Ie baile infobox Baile i lár thuaisceart Chontae Loch Garman é Inis Córthaidh. Tá daonra timpeall 10,000 ann. Tá an baile suite ar an Sláine, agus tá dhá dhroichead thar an abhainn sa bhaile. Tugtar Paróiste Naomh Seanan ar an dtaobh thoir den bhaile. Tá sé an dara baile is mó i gContae Loch Garman.

Iompar

Tá seirbhís rialta báid ón mBreatain Bheag agus ón bhFrainc go Ros Láir i ndeisceart an chontae, timpeall 25 ciliméadar ón mbaile. Tá líne traenach as Baile Átha Cliath a leanann go Ros Láir, a oscail ar 16 Deireadh Fómhair 1863.[1]

Ritheann an N11 (párt den bóthair Eoraipeach E1).

Gnó

Tá tábhacht ag cur agus baint sútha talún i gContae Loch Garman, go háirithe timpeall Inis Córthaidh, maille le biatas siúicre, cruithneacht, eorna, agus tógáil eallach agus ba bhainne.

In Inis Córthaidh a thosaigh Grúdlann Letts, agus tugadh athshaol don bheor sin i riocht Killians sna 1990í. Bhíodh monarcha sceanra uair lámh leis an mbaile, agus tá gnó beag déanta potaí le plandáil fós ann. Tá monarcha doirse adhmaid Premium International, a thosaigh sna 1970í, fós ar an mbaile.

Stair

Caisleáin Inis Córthaidh

An Caisleán in Inis Córthaidh, Co. Loch Garman

Tá caisleán i lár an bhaile, ar aththógáil de chaisleán Normanach é don chuid is mó. Deirtear gur chum Edmund Spenser cuid den Faery Queene an fhaid a bhí cónaí air sa bhaile. Inniu is músaeim é an caisleáin, ach dún sé i 2007 agus osclófaidh sé arís i samhradh 2009.

Cnoc Fíodh na gCaor

Bhí Inis Córthaidh páirteach in Éirí Amach 1798, agus troideadh Cath Chnoc Fíodh na gCaor lámh leis an mbaile.

Radharc ar Inis Córthaidh ó mhullach Chnoc Fíodh na gCaor

Scoileanna

  • Scoil Naomh Aodáin
  • Scoil Naomh Sheanan
  • Scoil Naomh Mhuire
  • Gaelscoil Inis Córthaidh
  • Scoil Speisialta Naomh Phádraig
  • Coláiste Bríde
  • CBS Inis Córthaidh
  • Meánscoil Garman

Tagairtí

  1. "Enniscorthy station". Railscot - Irish Railways.

Naisc Sheachtracha