An difríocht idir athruithe ar: "Mutter Courage und ihre Kinder"

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Content deleted Content added
ZéroBot (plé | dréachtaí)
m r2.7.1) (róbat ag suimiú: ja:肝っ玉おっ母とその子どもたち
m r2.6.5) (róbat ag suimiú: tr:Cesaret Ana
Líne 28: Líne 28:
[[sr:Мајка храброст и њена деца]]
[[sr:Мајка храброст и њена деца]]
[[sv:Mor Courage och hennes barn]]
[[sv:Mor Courage och hennes barn]]
[[tr:Cesaret Ana]]

Leagan ó 18:26, 5 Márta 2013

Is dráma é Mutter Courage und ihre Kinder (Gaeilge: An Mháthair Crógacht agus a Clann) a tháinig ó pheann an drámadóra Ghearmánaigh Bertolt Brecht sa bhliain 1939 (1898-1956). Tá an dráma seo ar ceann den naoi gceann a scríobh sé le cur in aghaidh an Naitsíochais agus an Fhaisisteachais. Mar is dual dó, lonnaigh Brecht an dráma seo i bhfad siar sa stair, in aimsir Chogadh an Tríocha Bliain le teachtaireacht a reic i dtaobh na gcúrsaí reatha. Cailín cistine is ea í Anna Frieling, arb í príomhcharachtar an dráma í, agus í ag obair d'arm na Sualainne. Tá sí ag iarraidh a cuid a shaothrú ar an gcogadh, mar shlí bheatha, agus bia is beatha a choinneáil lena clann, ach is é an rud a tharlaíonn ná go gcailleann sí an triúr páiste aici i rith imeachtaí an dráma.

Tá an dráma seo bunaithe ar thuairimí Bhrecht i dtaobh na amharclannaíochta eipiciúla agus coincheap an choimhthithe (Verfremdung) a d'fhoghlaim sé ó na foirmiúlaithe Rúiseacha. Is é an rud atá i gceist leis ná suíomh coimhthíoch a chur ar stáitse sa chaoi is go mbeidh an lucht féachana in ann breithiúnas a thabhairt ar smaointí i gcoimhthéacs nach bhfuil siad ar a suaimhneas ann. Úsáidtear an iliomad cleasanna chun an coimhthíos seo a chur ar an bhféachadóir. Tá dhá ghníomh déag sa dráma seo, agus na himeachtaí suite thar an tréimhse dhá bhliana déag ón mbliain 1624 go dtí an bhliain 1636. Léirítear saol na Máthara, ach ní chuirtear ar cumas an lucht féachana cion a thabhairt di ná muinín cheart a bheith acu aisti. Ní dhéantar laoch di, murab ionann agus sna tragóidí Gréagacha. I ndeireadh an dráma dúinn, níl fonn orainn aithris a dhéanamh ar an Máthair agus an dóigh a raibh sí ag dul i mbun a saoil féin.

Thóg sé cúig seachtaine ar Bhrecht an dráma seo a scríobh. Ceann de na drámaí is clúití dár chum sé atá ann.

Cuireadh an dráma seo ar stáitse don chéad uair sa Schauspielhaus i Zürich sa bhliain 1941. Bhí an léiriú seo ina bhunchloch i bhforbairt an Berliner Ensemble, an fhoireann amharclannaíochta a bhí leis an gcuid is mó de dhrámaí Bhrecht a stáitsiú i ndiaidh an chogaidh. Teimpléad:Nasc AR