An difríocht idir athruithe ar: "Pádraig Ó Baoighill"

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Content deleted Content added
No edit summary
Meabhar (plé | dréachtaí)
mNo edit summary
Líne 4: Líne 4:
* ''Óglach na Rosann'' 1994. Beathaisnéis é seo ar Niall "Pluincéad" Ó Baoill, laoch Poblachtánach ó bhólaí dúchais an scríbhneora, agus cuid mhaith seanchais áitiúil agus stairiúil léi. Go háirithe, tá go leor eolais ar fáil sa leabhar seo faoin bpáirt a bhí ag [[Seosamh Mac Grianna]] agus [[Séamus Ó Grianna]] in imeachtaí an [[An Cogadh Cathartha|Chogaidh Chathartha]].

* ''Cuimhní ar Dhochartaigh Ghleann Finne'' 1994. Seo leabhrán beag ina dtugann Pádraig cuntas ar theaghlach mór fidléireachta ó Lár Thír Chonaill.
* ''Cuimhní ar Dhochartaigh Ghleann Finne'' 1994. Seo leabhrán beag ina dtugann Pádraig cuntas ar theaghlach mór fidléireachta ó Lár Thír Chonaill.
* ''Nally as Maigh Eo'' 1998. Beathaisnéis atá ann ar Fhíníneach a ghlac páirt i mbunú Chumann Lúthchleas na nGael. Ní raibh fad saoil i ndán do Nally, nó nuair a ghearr na Sasanaigh téarma príosúnachta air, níor cheadaigh a dhrochshláinte dó an téarma sin a chríochnú ina bheo. Mar sin féin, maireann a chuimhne ina measc siúd a chleachtann na cluichí Gaelacha.
* ''Nally as Maigh Eo'' 1998. Beathaisnéis atá ann ar Fhíníneach a ghlac páirt i mbunú Chumann Lúthchleas Gael. Ní raibh fad saoil i ndán do Nally, nó nuair a ghearr na Sasanaigh téarma príosúnachta air, níor cheadaigh a dhrochshláinte dó an téarma sin a chríochnú ina bheo. Mar sin féin, maireann a chuimhne ina measc siúd a chleachtann na cluichí Gaelacha.
* ''Ó Ghleann go Fánaid'' 2000. Seo leabhar taistil ar Chontae Dhún na nGall. Tugann an scríbhneoir léargas beoga ar shaol na ndaoine ina chontae dúchais, ar iarsmaí na laethanta a bhí agus ar staid na Gaeilge in áiteanna éagsúla.

* ''Amhrán Hiúdaí Fheilimí agus Laoithe Fiannaíochta as Rann na Feirste'' 2001.
* ''Amhrán Hiúdaí Fheilimí agus Laoithe Fiannaíochta as Rann na Feirste'' 2001.

Leagan ó 20:31, 23 Samhain 2006

Scríbhneoir comhaimseartha Gaeilge ó Thír Chonaill is ea é Pádraig Ó Baoighill. Tá sé tar éis na leabhair seo a fhoilsiú:

  • An Coileach Troda agus scéalta eile 1993. Díolaim ghearrscéalta atá ann agus iad ag tabhairt cur síos ar an saol timpeall na Teorainne.
  • Óglach na Rosann 1994. Beathaisnéis é seo ar Niall "Pluincéad" Ó Baoill, laoch Poblachtánach ó bhólaí dúchais an scríbhneora, agus cuid mhaith seanchais áitiúil agus stairiúil léi. Go háirithe, tá go leor eolais ar fáil sa leabhar seo faoin bpáirt a bhí ag Seosamh Mac Grianna agus Séamus Ó Grianna in imeachtaí an Chogaidh Chathartha.
  • Cuimhní ar Dhochartaigh Ghleann Finne 1994. Seo leabhrán beag ina dtugann Pádraig cuntas ar theaghlach mór fidléireachta ó Lár Thír Chonaill.
  • Nally as Maigh Eo 1998. Beathaisnéis atá ann ar Fhíníneach a ghlac páirt i mbunú Chumann Lúthchleas Gael. Ní raibh fad saoil i ndán do Nally, nó nuair a ghearr na Sasanaigh téarma príosúnachta air, níor cheadaigh a dhrochshláinte dó an téarma sin a chríochnú ina bheo. Mar sin féin, maireann a chuimhne ina measc siúd a chleachtann na cluichí Gaelacha.
  • Ó Ghleann go Fánaid 2000. Seo leabhar taistil ar Chontae Dhún na nGall. Tugann an scríbhneoir léargas beoga ar shaol na ndaoine ina chontae dúchais, ar iarsmaí na laethanta a bhí agus ar staid na Gaeilge in áiteanna éagsúla.
  • Amhrán Hiúdaí Fheilimí agus Laoithe Fiannaíochta as Rann na Feirste 2001.
  • Srathóg Feamnaí agus Scéalta Eile 2001. Díolaim gearrscéalta is ea í an leabhar seo, agus na scéalta ag cardáil shaol mhuintir Thír Chonaill sa bhaile agus i gcéin - is é sin, in Albain.
  • Ceann Tìre/Earraghàidheal. Ár gComharsanaigh Ghaelacha 2003. Seo leabhar taistil arís agus í ag cardáil saol Gharbhchríocha na hAlban.
  • Gasúr Beag Bhaile na gCreach 2004. Seo úrscéal gairid faoi bhuachaill beag a bhfuil an t-alcólachas ag déanamh a dhochair ar a mhuintir, agus cur síos dúisitheach ann ar an dóigh a dtéann an fhadhb seo i bhfeidhm ar an stócach óg.
  • Faoi Scáth na Mucaise 2005. Díolaim scéalta béaloidis atá ann, agus iad bailithe ar imeall na Gaeltachta i dTír Chonaill.