Plé úsáideora:Meabhar

Page contents not supported in other languages.
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

English: en:User talk:Meabhar


Bronntanais/Síntiúis[athraigh foinse]

Agus maidir le "Bronntanais" le haghaidh "Gifts" nó "Donations" - measaim gur aistriúchán bacach go maith é seo, agus gur fearr i bhfad an focal atá againn i nGaeilge, go háirithe i gCúige Mumhan, "Síntiús". Níl a fhios agam fós cé a thug ar ais go bronntanas é, focal a chiallíonn féirín nó rud a thugtar do dhuine i mbealadh onóir. Ach is lag an focal é sa chiall atá uainn sa cheannleathanach. Meabhar 17:18, 14 Oct 2004 (UTC)
(De réir mo thaithíse, is ionann Sintiús agus Subscription. Nach aistreofá "Donator" bheith "Bronntóir"? Gabriel Beecham)

(aistrithe ó bhun lgh) Maidir le SíntiúsBronntanas, sílim féin gur fearr síntiús. Féadtar an focal a úsáid ar ´subscription´, ach bhí an brí ´make a donation, gift´ i gcónaí leis freisin. Dá mbeifeá ar an sráid le bosca bailiúcháin d'eagras carthanach éigin, mar a bhíos tráth, is ag cuardach síntiúis a bheifeá. Ní cheapaim go mbeadh 'bronntanas' ceart anseo. Ach má tá tuairim nó foinse eile ag aoinne, abraigí libh. Meabhar 20:50, 18 Oct 2004 (UTC)


Gramadach[athraigh foinse]

Haigh - chonaic mé ar do leathanach úsáideora go bhfuil tú ag smaoineamh ar acmahainní oideachais Ghaeilge bheith anseo sa Vicipéid, agus go bhfuil ailt scríobhtha agat ar nós Ord na bhfocal agus Sea agus ní hea. Measaím go bhfuil na leathanaigh seo ró-leathan don suíomh seo. An 'fhios agat go bhfuil leagan Gaeilge ann den tionscadal Wikibooks (nó Vicíleabhair, atá le éagrán sar-úr den chomhéadan air. Ba féidir leat eolas oideachais faoin Gaeilge a chur ann. (Ina theanna sin, tá ga.wikiquote.org againn a útamáil leis!) --Gabriel Beecham 20:12, 25 Sep 2004 (UTC)

Sea, a Ghabriel, ach cá bhfuil na h-ailt sin anois. Ní fheicim vicleabhar ar bith as Gaeilge. Is cosúil gur thóg tú 'executive decision'.Meabhar 00:11, 11 Feabhra 2006 (UTC)[reply]

Maidir le gramadach, tá neart ar an ngramadach Gaeilge sa suíomh Béarla, cuid de go maith, agus níor chuir aoinne ina choinne. Níl dóthain feola ar na lgh gramadaí seo fós, dar liomsa, chun Vicileabhair a chruthú, ach is dóigh má tá fonn ortsa nó duine eile oibriú air agus é a chóipeáil, maith go leor. Bhíos ag súil go ndéanfadh duine éigin cuid de! Agus ceapaim gur phráinní roinnt alt eile a chur ar bun agus ceannaghaidh a leasú. Agus ar an bprotocol - fiú muna leanann mórán é. Oibrímís ar sin leis! Meabhar 20:50, 18 Oct 2004 (UTC)

...Tá brón orm, níl mórán leathanaigh cabhrach scríofa/aistrithe againn fós! -- Gabriel Beecham 23:45, 14 Aug 2004 (UTC)

Ó bheith ag féachaint ar cy, nuair a bhíonn eagarthóireacht ar siúl agat, bíonn líne de shiombail le sínithe fada, comhartha eóró, punt, dolar, srl, faoin ráiteas faoin GFDL. Nach mbeadh sé an-úsáideach dúinn sa Ghaeilge, nuair nach bhfuil ach áéíóú againn, chomh maith leis an eóró, srl. Agus do dhaoine mar mé féin a scríobhann ag níos mó ná ríomhaire amháin, ba mhór an cabhair é. An mbeidh cuid den oideasra, treoracha, srl, atá againn sa aistriúchán le feiceáil go gairid? Agus an tam agus an lá ar an gceannleathanach. Sílim go gcuirfidh mé iarratas isteach ar bheith im´ riarthóir. Meabhar 21:24, 6 Oct 2004 (UTC)

  • Más mian leat bheidh i do riarthoir, is féidir liom é sin a dhéanamh. Scríobh nóta oifigiúil ag Vicipéid:Riarthóirí, agus muna bhfuil aon easaontas, cuirfidh mé na pribhléidí ort.
  • Tá an t-eagrán nua den comhéadán le féachaint ag http://ga.wikibooks.org, mar shampla, ach níl sé den chéad scoth. Ba mhaith liom na haistriúcháin do Category a chinntiú roimh a chuirtear na haistriúcháin ar an Vicipéid.
  • Tá go leoir jabanna le déanamh anseo, m.sh. an lá agus an príomhleathanach nua. Déanfar iad i gceann tamaillín...--Gabriel Beecham 21:52, 7 Oct 2004 (UTC)

Bheinn buíoch dá gcuirfeá m'iarratas ar bheith im' riarthóir isteach, mar tá fonn orm an ceannlch, oideasra, srl a fheabhsú. Ar ndóigh bheinn sásta oibriú leat agus aon chinniúint mór a phlé. Sílim gur chóir dúinn sort newsgroup a úsáid, nó an Halla BaileCaidéal an Bhaile a úsáid le teacht ar chinniúntaí ar lgh a chorrú, lgh a dhúnadh nó a scoilt, srl, seachas daoine aonair a bheith ag déanamh a leithéid. Ar ndóigh, tá cúis leo seo go léir uaireanta. Ach cailltear lgh muna ndéantar ceart é. Meabhar 20:50, 18 Oct 2004 (UTC)

Curtha in eagar, ag fágáil roinnt sean-scéalta ar lár, Eanair 6, 2006 Meabhar




D'fhreagraigh mé do cheist ag Plé:Oileán Mhanann. --Gabriel Beecham 19:00, 24 Nol 2004 (UTC)

Mo bhuíochas leat. Chuireas cupla freagra arís sa lch plé sin. Meabhar 18:01, 26 Nol 2004 (UTC)


D'athainmnigh tú an leathanach Albain bheith Alba, gan cúis gan fógra a scríobh ag Plé:Albain. Mar sin, d'athainmnigh mise an leathanach ar ais bheith Albain. Más é do thoil é pléigh an scéal ag an leathanach phlé. Tá caint ann faoi ainm an leathanaigh ar feadh ama fada - tabhair cúis nó do chuid phlé sula dhéanann tú ainmathrú, le do thoil. --Gabriel Beecham 22:29, 12 Ean 2005 (UTC)

Tá caighdeán scríofa ag Gaeilge, agus tá an caighdeán níos deireanaí ná an Duinníneach. Dar le Gramadach na Gaeilge agus Litriú na Gaeilge: An Caighdeán Oifigiúil (lch. 129), dar le foclóir Uí Dhónaill, dar le foclóir de Bhaldraithe, dar leis an bhFoclóir Póca, dar leis an Réchúrsa Gramadaí agus dar leis na Bráithre Críostaí is é Albain ceartainm na tíre san ainmneach, sa chuspóireach, agus sa tabharthach. Mura mhaith leat é, cuir litir agóda chuig Foras na Gaeilge. --Angr/(comhrá) 12:38, 29 Bea 2005 (UTC)
Tá an scéal pléite agam cheana, go réidh agus go mion, agus sílim gur ghá daoibhse beirt staidéar ceart a dhéanamh ar an scéal. Níor athraigh ainm na tíre sin go tobann idir 1941 agus na 1950í, cé go dtuigfeá sin ó bheith ag brath ar na foinsí a luann sibh. Ach tá stair ag an dteanga, agus níor athraigh an ainm imeasc fíor-Ghaeilgeoirí, cés moite dóibh siúd a chuireann an iomarca iontaoibh i bhfoclóirí. Dála an scéil, ní thugann sibhse aon mhíniúchán cheart ar an lch, ar mise a scríobh 90% nó os a chionn de, a ath-thiontú go rialta go Albain. Tá an teanga fós beo in Éirinn (ainmneach Éire - cuirim anseo é ar eagla go maródh foclóir an fhoirm seo!), fiú más ar éigin é, agus tá cuid againn a aithníonn dearmad, agus ar fiú linn é a chur ar eolas do phobail na teangan. Meabhar 16:52, 8 Mei 2005 (UTC)

Riarthóirí[athraigh foinse]

Cén chaoi a bhfuil tú? Chuir mé ceist ar Beechem chun duine a dhearna ina riarthóir agus níor fhreagair é mé. Is cósúil nach mhaith leis duine ar bith a dhearna ina riarthóir. Rinne a lán daoine iarratas dó. Molfainn go téimid chuig duine sa Vicipéid Béarla nó i Meta-Vici agus d'iarr airsean ceann nó níos mó dúinn a chur inár riarthóir. Cad a cheapann tú? - Dalta 21:06, 28 Bea 2005 (UTC)

A Dhalta, a chara; aontaím leat - chuireas isteach ar bheith im' iarrthóir i bhfad i bhfad ó shoin, ach ní cosúil gur éasca é do dhuine atá ag ceapadh go rialta, agus go trom amanta, fiú. Tá sé ar intinn agam féin glaoch go California le fada, áit atá príomhláthair an Wikipedia, agus déanfad fós é. Táim tuirseach ó bheith ag ceartú ailt agus "ábhair treoir". Sea, mar sin, mholfainn duit glaoch orthu. Meabhar 14:34, 8 Mei 2005 (UTC)
Bhuel, is dócha go bhfuilimid ag dul ar aghaidh anois. Tá na maora lár-Vicipéid ag ceapadh faoi. B'fhéidir go mbeidh ar Gabriel rud a dhéanamh faoi, faoi bhrú na daoine seo. Beidh deireadh maith againn fós. - Dalta 14:24, 10 Mei 2005 (UTC)
Ar chuala tú cad a tharla ar meta:Requests for permissions#Gaeilge wiki admin problem. Ba mhaith liom do thuairim a chloisteáil. - Dalta 21:47, 17 Mei 2005 (UTC)
Scríobh mé freagra duit ag m:Requests for permissions#Gaeilge Wiki Admin problem. Gabriel Beecham 23:52, 17 Mei 2005 (UTC)

A Mheabhair, tuigim gur ábhar conspóideach é an plé ar Alba/Albain, ach más féidir leat, ná haistrigh alt iomlán as ainm amháin go hainm eile. Cailltear an stair athruithe - faoin ceadúnas GNU FDL, tá sé riachtanach an t-eolas sin a chosaint. Más féidir leat tagairtí inchreidte a thabhairt ar an leathanach plé go bhfuil an leagan Alba mar phríomh-leagan i dteanga labhartha an lae inniu, athainmneofar an leathanach. --Gabriel Beecham 01:30, 6 Lúnasa 2005 (UTC)[reply]


Sheol mé tcht ríomhphoist chugat tríd an chóras ríomhphoist Vicipéide. Má bhfuair tú é, cuir freagra éigin chugam, le do thoil. --Gabriel Beecham 18:40, 6 Lúnasa 2005 (UTC)[reply]

A Mheabhair, seo RABHADH duit. Coiscfear an té a scriosann an t-athsheoladh ó Alba go hAlbain. Tá comhaontú ann go mbainfear úsáid as an gCaighdeán Oifigiúil ar an Vicipéid. Evertype 19:10, 8 Lúnasa 2005 (UTC)[reply]

Cén comhaontú? Tú féin agus Gabriel, ag baint mí úsáid as bhur riar. Feictear domsa gur é an príomh-rud atá ar siúl agatsa ná ag sá do ladar ar ailt atá scríofa ag daoine eile. Faoi ainmneacha bailí. Dá gcuirfeá ceathrú an fhuinnimh sin ag cur ábhar ar fáil, bheimis ar fad buíoch díot. An éifeacht is mó led' cuid sracadh a fheicimse ná olc a chur ar dhaoine eile. Tá tú féin ag sá athraithe ar áitreamh an ailt le fada, gan aon cheart aige. Alba ainm na tíre sin, agus d'aon Ghaeilgeoir gur fiú an ainm é, is an ait go deo an bail air "Albain" san ainmneach. Tá sé seo mínithe go dian agam le fada fada, agus é ar eolas agat féin. Chuir an té a chum "an Chaighdeán Oifigiúil" an leagan sin "Albain" ar fáil, agus níor bhac aon duine é a cheartú ó shoin, ach á phiocadh as sin agus as foclóir de Bhaldraithe. Ní mise ná tusa ná ar Rannóg Aistriúchán a chum an Ghaeilge ná a cuid sean-ainmneacha. Agus ní chuireann dearmad a leanann go bacach ó na caogaidí ar aghaidh athrú ar an bhfírinne sin. Agus ar ndóigh, tá tú féin le fada ag déanamh athraithe gan mhíniúchán cheart a thabhairt orthu. Meabhar 22:25, 9 Lúnasa 2005 (UTC)[reply]

Féach, nílím in ann cinneadh a dhéanamh faoin scéal Alba/Albain, mar nílím cinnte faoin ainm is cirte. Ach tá sé ar thaispeáint agat nach bhfuil tú sásta glac le conas mar a fheidmíonn an Vicipéid. Muna bhfuil tú sásta an scéal a phlé ar an leathanach plé, ní féidir leat an t-ábhar a tharraingt anonn is anall as ainm amháin go hainm eile, mar cuirtear mearbhall ar an stair athruithe. Tá an glas ann anois chun an stair athruithe a chosaint - níl sé ann chun stádas a thabhairt do AlbaAlbain. Caithfear an scéal a phlé ar an leathanach plé, nó gan aon rud a dhéanamh. --Gabriel Beecham 22:44, 9 Lúnasa 2005 (UTC)[reply]

Sea, ach níl an t-údarás agatsa a bheith á síor-athrú ach an oiread. Is mar Alba a chuireas an lch ar bun, agus is é ainm na tíre go fóill. Is amaidí an t-athrú a ghlac go leor leis ó na 50í ar bhunús dearmad. Agus is minic, mar is eol duitse, a mhíníos seo cheana, agus ní mheasaim gur thug tusa míniúchán cheart ariamh ar do chuid athraithe. Agus thosaigh tú féin agus Evertype ag baint mí-úsáide as bhur stadas riarthórachta ag cur bac ar athraithe i bhfábhar bhur gcuid leaganacha féin, fiú is gur fánach an méid a scríobhann Evertype é féin agus go bhfuilir féinig ar bheagán Gaeilge go fóilleach. Is dóigh go gcuirfidh caint neamhChaighdeánach mar seo pian id' chroí. Agus maidir le faic a dhéanamh, tugann tú "faic a dhéanamh" ar rudaí a chur san áit ar mian leat féin agus do chuid foclóir, a Gabriel! Meabhar 21:49, 6 Feabhra 2006 (UTC)[reply]

Haigh a Mheabhair, agus GRMA do na h-aistrithe a rinne tú ar mo leathanach, tá siad ceart go leor domsa. Is maith a rud é go bhfuil tú ar ais ag cur eolas nua isteach sa Vici, lean ar aghaidh leis an dea-obair! --An Tóin Mór 08:59, 14 Samhain 2006 (UTC)[reply]

An dóigh a n-úsáidtear "agus" sa Ghaeilge[athraigh foinse]

A Mheabhar, rinne tú an mionathrú seo ar an leathanach faoi Chonradh na Gaeilge:

Eagraíocht is ea é Conradh na Gaeilge a bunaíodh sa bhliain 1893 chun an Ghaeilge a choinneáil á labhairt agus a chur i mbéal na ndaoine in Éirinn arís, agus an meath tubaisteach a tháinig uirthi sa 19ú haois a stop.

Roimh aon rud eile, ba mhaith liom a rá gurb é "stopadh" agus ní "stop" an leagan caighdeánta d'ainmfhocal bhriathartha an bhriathair úd "stop". Tá a fhios agam go maith gurb iomaí cainteoir dúchais a d'úsáidfeadh "...a stop", agus níl aon locht agam féin air, ach sílim gur chóir dúinn an caighdeán a úsáid, nó na foirmeacha a thugann foclóir Uí Dhónaill mar phríomhfhoirmeacha. Níl mé féin róshásta le gach gné den Chaighdeán, agus ba leasc liom canúint Chúige Uladh a chur i leataobh, ach géillim nach féidir le gach duine cloí lena chanúint féin.

Rud eile fós: is é mo thuairim ná nach bhfuil "a stop[adh]" ag teastáil san abairt thuasluaite ar aon nós. Is minic a d'fheicfeá an cineál sin abairtí uireasacha ag scríbhneoirí Gaeilge ón nGaeltacht, ar lorg "agus". Is é is brí leis ná "an Ghaeilge a chur i mbéal na ndaoine arís, LE TAOBHSHÚIL AR an meath a tháinig uirthi", nó "I bhFIANAISE AN DÓIGH ar tháinig meath uirthi."

Tá a fhios agam nach mise an t-údarás is airde amuigh ar chúrsaí na comhréire Gaeilge, ach creid uaim gurb é seo an dearcadh bona fide atá agam ar dhul nádúrtha na bhfocal sa Ghaeilge. Is féidir liom samplaí Gaeltachta d'úsáid seo an "agus" a chur ar fáil duit, más mian leat. Panu Petteri Höglund 12:03, 14 Samhain 2006 (UTC)[reply]