Plé:Oileán Mhanann

Page contents not supported in other languages.
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Dé réir an Bhaldraitheach agus An Foclóir Póca, tugtar Manainn nó Oileán Mhanann ar an oileán, agus tugtar Manainnis ar an teanga. Is fearr liom an leagan Gaeilge Mhanann, áfach. --Gabriel Beecham 23:00, 22 Dec 2004 (UTC)

Feictear domsa gur ghnách Manannais a thabhairt ar an teanga, agus gur "Oileán Mhanainn" an gnás ag foinsí údarásacha. Tá níos mó ar an saol ná "de Bhaldraithe." I nGaeilge na hAlban, is léir gur ¨Mhanainn¨ an ghineadach. Cén deifir mór atá ort leis na reversions, pé scéal é. Agus más i dteidil riarthóra atá tú ag déanamh athraithe, ní cosúil go mbacann tú freagra thabhairt ar cheisteanna a chuireann daoine chugat. Meabhar 15:41, 23 Nol 2004 (UTC)
Ní féidir liom aon foinse a fháil a thugann na leagain 'Manannais' nó 'Oileán Mhanainn'. Má tá ceann agatsa, déan tagairt leis anseo chun brí a thabhairt do do mholadh. Tá an-deifir orm na sean-leagain a athúsáid mar ghearr tú an ábhar a raibh sa leathanach seo agus greamaigh tú é ar leathanach eile. Ní ceart é sin a dhéanamh, mar cailltear an stair leathanaigh agus ní féidir é a aimsiú cé a scríobh píosaí éigin, srl. Iarraim ort gan ábhar a ghearr is greamaigh, ach na leathanaigh a athainmniú (nó má tá leathanach ann cheana féin, iarratas a chur chugat chun an leathanach a scriosadh. --Gabriel Beecham 18:58, 24 Nol 2004 (UTC)
Is é ManainnisGaeilge Mhanann ainm na teangan. Manainn is ainm don oileáin, nó Oileán Mhanann. It is an old feminine n-stem, cf Éire gen. Éireann, dat. Éirinn; original Alba (now Albain), gen. Alban, dat. Albain; original Mana (now Manainn), gen. Manann, dat. Manainn. Evertype 12:29, 25 Nol 2004 (UTC)
Tá an méid seo maith go leor, ach le cupla proviso. Tugann de Bhaldraithe Manannais ar an dteanga, cé go n-aontaím leis an leagan Manainnis. Tugann Dineen Oileán Manann, agus is dóigh gur dearmad gan an séimhiú a bheith ann.
Maidir le h-Alban, ní mheasaim go bhfuil an scéal chomh simplí. Tugann muintir na tíre sin Alba air i gcónaí, agus sílim gur acu atá an ceart. Ní minic a úsáidtear an ainmneach nó an cuspóireach in ainm na tíre, agus cé go dtugann deBh, ÓD, srl, Albain air mar ainmneach, ní dóigh go bhfuil gá, nó pointe fiú, leis an aithainmniú seo. Tugann Dineen Alba air, agus is deacair foinse níos údarásaí a fháil ar fhocal atá súite sa stair. Agus mar nach n-úsáidtear an ainm. nó cusp. ach go h-an annamh, níl ciall leis an athainmniú. Ar nós, abair, an fhoirm gairmeach de Séamus-Séumas-srl, tugann daoine in Albain Hamish ar bhuachaillí, ach is dearmad é a tháinig ó úsáid an tuisil ghairmí. Sin a tharla, cheapfainn, le Albain, agus is gá scéal níos fearr chun ainm na tíre Gaelaí sin a athrú. Ní leor dearmad foclóra amháin.
Dála an scéil, má dhéanann sibh cuardach i Google nó MSN, tá roinnt mhaith úsáide fós le Mhanainn mar ghineadach sa Ghaeilge, fiú in Éirinn, agus is deacair a rá go bhfuil ceann nó ceann eile 'mícheart'. Agus tá súil agam gur cuma libh gur chuireas cupla cheartúchán sna míreanna a scríobh sibh thuas, Le meas. Meabhar 17:58, 26 Nol 2004 (UTC)
Gabh mo leithscéal, ach ní aontaím leat. Ba cheart don Vicipéid cloí leis an gCaighdeán, agus ciallaíonn sin de Bhaldraithe, Dineen, agus foclóirí eile de chuid an Gúm. Tíreolaíocht agus Pleanáil: Albain f., gen. na hAlban. Foclóir Póca Albain f., g. na hAlban. de Bhaldraithe, idem. Atlas a Dó do Scoileanna na hÉireann 1978: Albain. Collins Gem Irish Dictionary 1995: Albain. Gramadach na Gaeilge agus litriú na Gaeilge: An Caighdeán Oifigiúil 1958, 1979: Albain. Ní caighdeánach é foclóir an Duinníneach. Agus ní foinse údarásach í Google! Tá údarás ag lucht na bhfoclóirí sa Ghúm. Evertype 20:02, 26 Nol 2004 (UTC)

Ní aontaíonn tú liom, a Evertype, ach tá breall ort. Ar an gcéad dul síos, foilsíodh Dineen i bhfad roimh an Gúm agus roimh an Caighdeán Oifigiúil. Maidir leis na foclóirí eile, is léir go leanann gach ceann eile de Bhaldraithe, ach má bhacann tú labhairt le Gaeilgeoirí líofa, feicfidh tú go bhfuil dearmad ar na foclóirí seo. Nó b´fhéidir gur fiú duit labhairt le do chara, an tOllamh Mac Liam, arís. Agus tá Dineen i bhfad níos údarásaí ná an chuid eile ded´ chuid foclóirí curtha le chéile. Nó an é atá á rá agat gur uaitse agus ó fhoghlaimeoirí eile ar chóir dúinn ár gcuid foclaíochta a ghlacadh?

Caithfear cloí le foirmeacha atá ceart, agus dearmaid a cheartú. Tá méid réasúnta dearmad i de Bhaldraithe agus sna h-údaráis eile, agus is cóir glacadh le foirm atá ceart, seachas a bheith ag glacadh go dall le foirmeacha atá mícheart, ach atá ¨ag na h-údaráis.

"na húdaráis sa Chaighdeán.

Agus measaim féin go mbeadh sé béasach dá gcuirfeása, nó daoine eile a bhíonn ag aistriú leathanaigh ach ná scríobhann dada, an ceist faoinár mbráid, sul má thosaíonn tú ag aistriú. Bhí daoine sásta go maith le ¨Alba¨ mar theideal ar feadh roinnt mhaith míosa, agus aistrítear an alt idir Nollaig agus an bhliain nua, gan cheart, gan chomhairle. Meabhar 22:52, 12 Ean 2005 (UTC)

Ní fútsa ná faoi aon Vicipéideoir an cheart chun an Caighdeán Oifigiúil a athrú. Níl an Duinínneach níos údarásaí ná foclóirithe nua-aimseartha. Dúirt mé an fhírinne theangeolaíoch leat: Bhí Éire, Alba, agus Mana sa tuiseal ainmneach, tráth, ach chailleadh Alba agus Mana in Éirinn i bhfabhar Albain agus Manainn. In Alban a tharla a mhalairt: choinníodh Alba ansin, agus chailleadh Eire agus níl ach Eirinn in úsáid mar thuiseal ainmneach i nGàidhlig. Is féidir leat creideamh go bhfuil earráidí i bhfoclóir de Bhaldraithe. Ach mar a dúirt mé: "Ba cheart don Vicipéid cloí leis an gCaighdeán, agus ciallaíonn sin de Bhaldraithe, Dineen, agus foclóirí eile de chuid an Gúm. Tíreolaíocht agus Pleanáil: Albain f., gen. na hAlban. Foclóir Póca Albain f., g. na hAlban. de Bhaldraithe, idem. Atlas a Dó do Scoileanna na hÉireann 1978: Albain. Collins Gem Irish Dictionary 1995: Albain. Gramadach na Gaeilge agus litriú na Gaeilge: An Caighdeán Oifigiúil 1958, 1979: Albain. Ní caighdeánach é foclóir an Duinníneach." Agus bhí na rudaí seo ráite agam ar Plé:Albain ar Lá 'le Stiofáin. Evertype 12:11, 22 Ean 2005 (UTC)


Tá sé seo ar fad freagraithe agam, m.sh, san alt ar ¨Alba¨. Agus ní tusa an t-údarás ar fóclóirithe na Gaeilge, a bhuíochas mór le Dia. Agus mar a dúras, níl ciall le rá gur ¨cailleadh¨ foirmeacha nach n-úsáidtear de ghnáth. B´fhéidir gur éasca duitse gach ní i bhfoclóiribh an Ghúim a chreidiúint, ach ní gá gur ansin atá deireadh an scéil i gcónaí. Tá botúin go leor ag an Gúm agus ag Acmhainn i gcónaí - m.sh., le tíortha eile, déanann siad an dearmad go h-iondúil ¨fada¨ na Spáinnise a asitriú go ¨fada¨ na Gaeilge, cé gur mhalairt úsáide ar fad atá leis. Agus nuair is i nGaeilge na hÉireann atáimid, níl ciall a bheith ag sá ¨Gàidhlig¨ isteach mar theanga níos mó ná ¨deutsch¨ nó ¨Hrvatski¨. Meabhar 03:16, 23 Ean 2005 (UTC)

Díreach focal sciobtha- Albain atá ceart agus caighdeánach- ní áit í seo le bheith ag leasú an chaighdeáin. Eóm