An difríocht idir athruithe ar: "Na Máigigh"
NjardarBot (plé | dréachtaí) m r2.7.3) (róbat ag suimiú: nn:Mayaer |
m róbat ag mionathrú: ro:Maiași→ro:Civilizația maiașă |
||
Líne 73: | Líne 73: | ||
[[pt:Maias]] |
[[pt:Maias]] |
||
[[qu:Maya hawaykawsay]] |
[[qu:Maya hawaykawsay]] |
||
[[ro: |
[[ro:Civilizația maiașă]] |
||
[[ru:Майя (цивилизация)]] |
[[ru:Майя (цивилизация)]] |
||
[[simple:Maya civilization]] |
[[simple:Maya civilization]] |
Leagan ó 08:59, 13 Samhain 2012
Grúpa eitneach iad na Máigigh a raibh sibhialtacht fhorbartha acu san áit a bhfuil stáit dheisceartacha Mheicsiceá inniu, is é sin, Chiapas, Tabasco agus stáit Leathinis Yúcatan, mar atá, Yúcatan, Quintana Róo, agus Campeche. Ba iad na Máigigh an t-aon sibhialtacht bhundúchasach amháin i Meiriceá Theas ar éirigh léi teanga scríofa a fhorbairt, de réir dealraimh.
Sibhialtacht
Tá clú agus cáil ar réalteolaíocht, ealaín agus ailtireacht na Máigeach chomh maith. Bhí na Máigigh i síortheagmháil le sibhialtachtaí eile an réigiúin, agus níorbh iad féin a chéadcheap an scríbhneoireacht ná an féilire ansin, ach rinne siad an-fhorbairt ar na bunsmaointe a fuair siad ó na sibhialtachtaí eile.
Is follasach go ndeachaigh sibhialtacht na Máigeach féin i bhfeidhm ar na grúpaí eitneacha eile, nó is féidir tionchar na Máigeach a aithint i Lár Mheicsiceo, sa tSalvadóir, i Hondúras agus i nGuatamala- na céadta ciliméadar ó lárcheantar an chultúir Mháigigh.
Tháinig sibhialtacht na Máigeach i gcrann sa tréimhse réamh-Chlasaiceach ó 2000 RC go 250 AD, agus ba iad na blianta ´0 250 go 900 AD bláth Clasaiceach na Máigeach. San ochtú agus san naoú haois, áfach, thosaigh an tóin ag titim faoin tsibhialtacht Mháigeach i ndeisceart an réigiúin, áfach. Is dealraitheach gur rith an bia gann ar na Máigigh ansin ar chúiseanna éiceolaíochta - b'fhéidir go raibh na Máigigh ansin i ndiaidh an iomarca foraoise a leagan, rud a chuir an aeráid ó mhaith ar na barraí - agus gur thréig siad na cathracha ar lorg bia. Mar sin féin, mhair iarsmaí na sibhialtachta seo i dtuaisceart Yúcatan go dtí gur tháinig na Spáinnigh ag forghabháil na hilchríche.
Teanga
Labhraítear teangacha Máigeacha sa réigiún i gcónaí, agus aithne agus tuiscint cuíosach maith ag na saineolaithe ar na teangacha seo. Dealraíonn sé gur fhorbair na teangacha seo go léir as aon teanga amháin, an Phróta-Mháigis, a bhí á labhairt cúig mhíle bliain ó shin. Má thagraítear don "Mháigis" mar aon teanga amháin inniu, is éard a bhíonn i gceist léi ná an teanga Yucatec, agus í le cloisteáil i Leathinis Yúcatan.[1][2]
Tagairtí
- ↑ Población hablante de lengua indígena de 5 y más años por principales lenguas, 1970 a 2005 INEGI
- ↑ Gordon, Raymond G., Jr. (ed.). Ethnologue, (2005).