An difríocht idir athruithe ar: "Ken Kesey"

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Content deleted Content added
LaaknorBot (plé | dréachtaí)
m róbat ag suimiú: zh:肯·克西
Zorrobot (plé | dréachtaí)
m r2.7.3) (róbat ag suimiú: no:Ken Kesey
Líne 43: Líne 43:
[[ka:კენ კიზი]]
[[ka:კენ კიზი]]
[[nl:Ken Kesey]]
[[nl:Ken Kesey]]
[[no:Ken Kesey]]
[[pl:Ken Kesey]]
[[pl:Ken Kesey]]
[[pt:Ken Kesey]]
[[pt:Ken Kesey]]

Leagan ó 09:38, 16 Lúnasa 2012

Teimpléad:Bosca Sonraí Scríbhneoir

Scríbhneoir Meiriceánach ab ea Ken Kesey. Rugadh i La Junta i gColorado ar an 17 Meán Fómhair 1935, agus fuair sé bás i bPleasant Hill, Oregon ar an 10 Samhain 2001. Bhí sé ní b'óige ná an Beat generation agus róshean le bheith ina hipí, agus dhearc sé air féin mar nasc idir an dá ghlúin seo i stair chultúrtha na Stát Aontaithe. Bhí clú, nó míchlú, air as an dóigh a raibh sé ag blaiseadh de na drugaí sícighníomhacha. Ba é an saothar ba tábhachtaí dár tháinig óna pheann ná an t-úrscéal úd One Flew Over the Cuckoo's Nest, a thug cur síos ar an saol i ngealtlann na bpríosúnach agus ar an dóigh ar éirigh fear de na príosúnaigh amach in aghaidh an diansmachta. Chuaigh an scéal seo ar an scáileán freisin, agus ba é Jack Nicholson a rinne an phríomhpháirt sa scannán.

Saothair

Áirítear na cinn seo ar shaothar tábhachtach Kesey:

  • One Flew Over the Cuckoo's Nest (1962), úrscéal.
  • Sometimes a Great Notion (1964), úrscéal, príomhshaothar an scríbhneora. Tugann an t-úrscéal seo cur síos ar shaol mhuintir Stamper, agus iad ag saothrú a gcoda ag leagan crann. An lucht oibre atá ag déanamh na hoibre céanna do na gnólachtaí móra, téann siad ar stailc, ach maidir le clann Stamper, tá a ngnóthas féin acu, agus iad ag déanamh droichid den stailc. Ar ndóigh, faigheann siad iad féin faoi ionsaí ag an lucht oibre agus ag an gceardchumann, ó ghlactar leis gur stailcbhristeoirí iad. Chomh maith leis an gCuckoo's Nest, scannánaíodh an ceann seo, agus ba é Paul Newman a rinne an phríomhpháirt.
  • Kesey's Garage Sale (1973). Díolaim aistí.