An difríocht idir athruithe ar: "Murtall"

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Content deleted Content added
m r2.5.1) (róbat ag suimiú: el, kk, oc, sa
m r2.6.5) (róbat ag mionathrú: eu:Gizentasun
Líne 29: Líne 29:
[[es:Obesidad]]
[[es:Obesidad]]
[[et:Rasvumus]]
[[et:Rasvumus]]
[[eu:Loditasun]]
[[eu:Gizentasun]]
[[fa:چاقی]]
[[fa:چاقی]]
[[fi:Ylipaino]]
[[fi:Ylipaino]]

Leagan ó 21:07, 4 Feabhra 2012

Is éard atá i gceist leis an murtall nó leis an otracht ná raimhre a dhéanann dochar don tsláinte (úsáidtear an téarma ró-raimhre uaireanta). Is féidir an murtall a shainmhíniú de réir an innéacs corpmhaise, arb ionann é agus mais an choirp agus é roinnte ar airde chearnaithe an duine: (innéacs corpmhaise) = (mais)/(airde)2. Má sháraíonn an t-innéacs corpmhaise seo 25 kg/m2, is féidir a rá go bhfuil an duine ramhar, nó "réamh-mhurtallach", agus má sháraíonn sé 30 kg/m2, déarfaidh muid go bhfuil an duine murtallach.

An duine atá ag éirí murtallach, deirimid i nGaeilge go bhfuil sé ag titim chun murtaill.

An duine a thitfidh chun murtaill, beidh a lán galar ag bagairt air, cosúil leis an taom croí agus diaibéiteas de chineál B, is é sin, diaibéiteas na scothaoise is na cnagaoise.