An difríocht idir athruithe ar: "Alúmanam"

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Content deleted Content added
m róbat ag mionathrú: tl:Aluminyo
Almabot (plé | dréachtaí)
m róbat ag suimiú: ka:ალუმინი
Líne 79: Líne 79:
[[jbo:jinmrmalume]]
[[jbo:jinmrmalume]]
[[jv:Alumunium]]
[[jv:Alumunium]]
[[ka:ალუმინი]]
[[kk:Алюминий]]
[[kk:Алюминий]]
[[kn:ಅಲ್ಯೂಮಿನಿಯಮ್]]
[[kn:ಅಲ್ಯೂಮಿನಿಯಮ್]]

Leagan ó 19:08, 21 Samhain 2010

Teimpléad:Dúil cheimiceach bosca eolais Is dúil cheimiceach é an t-alúmanam. Is í an mhais adamhach atá aige ná 26.9815 g/mol. Is í an uimhir adamhach13 agus is í an tsiombail cheimiceach ná Al. Is í an uimhir ocsaídiúcháin a bhíonn aige sna comhdhúile ceimiceacha ná +3.

Miotal insínte lonrach é an t-alúmanam. Tá sé ar an miotal is coitianta i screamh an Domhain, agus ar an tríú dúil cheimiceadh is coitianta ar fad. Nuair a oibríonn ocsaigin an atmaisféir ar an alúmanam, éighníomhaítear é - is é sin, tagann brat ocsaíde ar an alúmanam, agus ós rud é go bhfuil ocsaíd an alúmanaim an-chrua, cosnaíonn sí an miotal istigh ar an gcreimeadh. Mar sin féin, tá an t-alúmanam araiciseach go maith chun imoibriúcháin leis na dúile eile, agus ní bhíonn sé ar fáil sa dúlra i bhfoirm mhiotail, cé go mbíonn mianta éagsúla alúmanaim coitianta go leor.

Is féidir an t-alúmanam a aithint thar na miotail eile go héasca, nó fágann an brat ocsaíde cuma ar leith air - baineann sé an loinnir de, ionas go sílfeá ar dtús nach miotal é ar aon nós ach plaisteach a bhfuil dath an mhiotail ann. Thairis sin, tá sé níos éadroime ná mar a shamhlófá le miotal.

Is í an bháicsít an mhian is tábhachtaí mar fhoinse alúmanaim. Ocsaíd neamhghlan alúmanaim atá ann. Tá a leáphointe an-ard, ach is féidir í a thuaslagan i gcrióilít leáite agus a leictrealú. Is éard atá sa chrióilít ná heicseafluaralúmanáit sóidiam, Na3AlF6.

Tá an t-alúmanam iontach tábhachtach mar mhiotal, nó tá sé an-éadrom agus an-díonta ar an gcreimeadh. Úsáidtear an t-alúmanam agus a chuid cóimhiotal sna heitleáin, mar shampla. Seoltóir maith teasa agus leictreachais é freisin.

Tá dhá iseatóp nádúrtha ag an alúmanam, mar atá, alúmanam a 27 agus alúmanam a 26. Iseatóp cobhsaí é alúmanam a 27, ach is féidir iarsmaí beaga den iseatóp eile a aimsiú sa dúlra. Iseatóp radaighníomhach é, agus leathré réasúnta fada aige, mar atá, timpeall ar 717 000 bliain. Thairis sin, is féidir iseatóip radaighníomhacha eile a tháirgeadh i luasairí cáithníní.

Teimpléad:Link FA Teimpléad:Nasc AR